Fáilte chuig ár Láithreán Gréasáin
Sonrai faoin leabhar do phaisti 'San Clare Assisi'
Cé muid féin?
Comhthionól rinnfheitheamhach foriata de Chláiríní
Bochta muid a bhfuil ár mainistir suite in Oileán Ealtanach, Gaillimh,
Éire. Táimid anseo i nGaillimh leis na céadta bliain, siar chomh fada
leis an mbliain 1642. Thángamar trí staideanna éagsúla ón uair a
thosaíomar in Gravelines i dTuaisceart na Fraince, áit a ndeachaigh mná
óga as Éirinn ar thóir na beatha rialta agus é ar intinn acu filleadh
ar Éirinn nuair a chuirfí deireadh leis an ngéarleanúint. Tá an saol
céanna inniu againn is a bhí againn sna laethanta tosaigh sin, saol atá
dírithe ar urnaí laethúil agus ar Adhradh na Naomhshacraiminte. Stair
Cérbh í San Clár?
Ba í San Clár a bhunaigh an tOrd agus mhair sí an
t-am céanna le San Proinsias sa tríú haois déag in Umbria, an Iodáil.
Rugadh isteach sna huaisle í ach dhiúltaigh sí dá raibh de shaibhreas
aici chun beatha rialta a chleachtadh i spiorad San Proinsias. Is éard
is mian linne freisin ná go mbeadh Críost féin i láthair sa saol atá á
chleachtadh againn. San Clár
San Clár Assisi - le Marie-Thérèse Fischer
Leabhrán beag deas é seo a insíonn scéal San Clár
Assisi. Tá pictiúir ghleoite ann agus déanann sé cur síos ar bhunú Ord
na gCláiríní Bochta. Agus nach corraitheach agus eachtrúil an bunú a
bhí ann…
Is ar pháistí bunscoile atá an leabhar seo dírithe, ach is cinnte go dtaitneoidh sé le chuile dhuine!
Má tá
cóip de San Clár Assisi uait, tá an leabhrán ar fáil in aisce ón
Mainistir (fad is atá siad anseo againn). Seol clúdach litreach
chugainn a mbeidh d'ainm agus do sheoladh air, chomh maith le stampa.
(Ní mór don chlúdach a bheith ar a laghad 11.4cm x 16.2cm, sin clúdach
C6)
Má tá níos mó ná ceann amháin uait, is féidir na leabhráin a fháil ó:
An Tobar Nua (Caife agus Siopa Leabhair)
25/27 Sráid Doiminic Íochtar
Gaillimh
Fón: (091) 562175
Faics: (091) 567234
Rphost: information@antobarnua.com
Teagmháil: Deirdre nó Eamonn
Costas:
- Leabhrán amháin €1
- 20 cóip €15 (= 5 cóip in aisce)
- 30 cóip €20 (= 10 cóip in aisce)
Níl aon phostas le híoc ar mhéideanna níos mó ná €10
.
Glactar le gach cárta creidmheasa.
Seiceanna iníoctha le: Foundation in Christ Ministries.
(Carthanas Críostaí é Foundation in Christ Ministries atá tiomanta
cabhrú le daoine teagmháil le Dia agus a gcreideamh Críostaí a neartú
de réir a dtraidisiún creidimh féin.)