English version Po polsku




Breathnaígí oraibh féin a fuair an ghlao ó Dhia, a bhráithre, agus a laghad agaibh a bhí léannta ná ceannasach ná uasal de réir chaighdeán an tsaoil. Ach thogh Dia nithe díchéillí an tsaoil chun lucht na heagna a náiriú. Thogh sé nithe laga an tsaoil chun na nithe láidre a náiriú.
Thogh sé nithe uirísle agus nithe suaracha an tsaoil agus nithe gan aird chun na nithe atá mór le rá a chur ar neamhní.

Filipigh 3:8-14



Stair ár gcomhthionóil

Oileán Ealtanach, Gaillimh

Baineann stair na mainistreach in Oileán Ealtanach le Flóndras i dtuaisceart na Fraince ag tús an 17ú haois.

Ní raibh aon chlochar de mhná rialta in Éirinn ná sa Bhreatain an uair sin, rud a bhí amhlaidh ón uair a dhíscaoil Anraí VIII na Mainistreacha.

Bhí ar bhean óg ar bith ar theastaigh uaithi a bheith ina bean rialta dul chuig mór-roinn na hEorpa. Chuaigh an chuid is mó acu go Flóndras, (na Tíortha faoi Thoinn mar a bhí orthu an uair sin).

Sa bhliain 1608, bhí baint lárnach ag Mary Ward (a bhunaigh Institiúid na Maighdine Beannaithe ina dhiaidh sin) le Mainistir Cláiríní Bochta a bhunú do chailíní as Sasana in Gravelines.

Is ansin a thug an chéad bhean rialta as Éirinn a proifisiún Lá Nollag 1620. Faoin mbliain 1625 tá a fhios againn go raibh cúigear bean rialta a raibh a proifisiún déanta acu, a raibh sé de rún acu mainistir a bhunú "dá náisiún féin".

Chuaigh siad go Dunkirk ar dtús, ansin go Nieuport (Tuaisceart na Fraince), agus ar deireadh tháinig siad go Baile Átha Cliath sa bhliain 1629, an chéad chomhthionól de mhná rialta i mBaile Átha Cliath le beagnach céad bliain roimhe sin.

Bhí tionchar láithreach ag an slí mhaireachtála nua a bhí ag na ceannródaithe óga sin. Taobh istigh de dhá bhliain bhí dhá nuasachán déag acu, ach bhí na húdaráis i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ag faire orthu agus tugadh tréimhse míosa dóibh chun an chathair a fhagáil.

To the rescue came Viscount Dillon, father of Abbess Cicely (later she would die in an exile ship in quarantine off the coast of Galicia, Spain).

Ach tháinig an Bíocunta Dillon i gcabhair orthu, athair na banaba Cicely (cailleadh ina dhiaidh sin í ar long lán le deoraithe a bhí ar choraintín amach ó chósta Ghailíse na Spáinne). Thóg an Bíocunta mainistir in am agus i dtráth do na siúracha ar a eastát féin ar bhruach Loch Rí. Is í seo Mainistir 'Bheithil' ar éirigh go maith léi ar feadh aon bhliain déag. Is iomaí iníon leis na teaghlaigh ba mhó le rá i nGaillimh a chuaigh isteach sa mhainistir sin. (Tá na fothracha ann i gcónaí)

Ach bhí sé in am bogadh arís.

Nuair a thosaigh an cogadh sa bhliain1641, bhí contúirt mhór ann do na siúracha agus tugadh cuireadh dóibh teacht go Gaillimh chun mainistir a bhunú ann. Rinne siad amhlaidh sa bhliain 1642.

Níos deireanaí an bhliain sin, dódh Mainistir Bheithil, ach bhí an t-ádh leis na siúracha a bhí fágtha mar go bhfuair siad scéala in am agus bhí siad in ann teitheadh.

Lá suntasach do na Cláiríní Bochta i nGaillimh an 10 Iúil 1649 mar gur bhronn Bardas na Gaillimhe Oileán Ealtanach orthu "in aisce go deo".

Ach ní raibh aon bhuaine i gceist in Éirinn an uair sin, níor shocraigh tú síos in aon áit.

Bhí Cromail tagtha chomh fada leis an Iarthar. Bhí ar Ghaillimh géilleadh sa bhliain 1652.

Nuair a dódh Mainistir na siúracha, bhí orthu scaipeadh. Chuaigh cuid acu chun na Spáinne, ach d'fhan roinnt eile acu i bhfolach ag fanacht go bhfeabhsódh an saol. Bhí fanacht fada orthu.

Faoin mbliain 1691 bhí Oileán Ealtanach faoi ionsaí arís agus dódh an Mhainistir. I dtreo dheireadh an 17ú haois, fuair na siúracha seanteach ar cíos ar Shráid an Mhargaidh agus is ansin a bhí na Cláiríní Bochta lonnaithe ar feadh níos mó ná 130 bliain. Toisc gur blianta na bPéindlíthe a bhí ann, níor ligeadh leo anseo ach an oiread agus tugadh níos mó ná ruathar amháin orthu. Ina ainneoin sin ar fad, chuaigh siad ó neart go neart agus bunaíodh mainistir i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1712.

An bhfeicfeadh na mná rialta Oileán Ealtanach arís a bhronn an Bardas go flaithiúil orthu?

Ar an 18 Meitheamh, 1825, fuasclaíodh iad agus ceithre bliana ina dhiaidh sin ritheadh Acht Fhuascailt na gCaitliceach.

Tháinig cúig bhean rialta déag ar ais agus ba í M. Clare French an Bhanab. De réir a chéile, chuir siad an saol rialta iomlán ar bun arís, idir Adhradh na Naomhshacraiminte, Urnaí na hOíche, Foriamh etc., a raibh orthu iad a thréigean le linn thréimhse na bPéindlíthe agus na géarleanúna.

Agus muid ag caitheamh súil siar ar ár mbunús i mBeithil, tugaimid linn MUIRE BHEITHIL, a dtugtar "an Bhean Dhubh" uirthi
Íomhá adhmaid den Mhaighdean Mhuire agus an Leanbh Íosa atá ann, a ndearnadh damáiste di le linn chogadh 1641
Iarsma ríluachmhar é sin dár stair agus tá a fhios againn go bhfuil an an Mháthair agus a Leanbh ag faire inniu orainn agus muid ag dul chun an tséipéil agus ag teacht as!


The history of our community
The Bethlehem Monastery ruin as seen today
Section of 1651 map of Galway city with the Poor Clares  convent in the foreground
Our convent today
Our convent today
Our Lady of Bethlehem
© clairi ni bochta Gaillimh | Eolas Cóipchirt