English version Po polsku




Is aonad an corp agus mórán ball ann, ach dá líonmhaire iad na baill ní dhéanann siad uile ach aon chorp amháin. Is é an dála céanna ag Críost é: mar cibé acu Giúdaigh nó Gréagaigh sinn, saor nó daor, baisteadh an uile dhuine againn leis an Spiorad amháin, isteach san aon chorp amháin agus as an aon Spiorad amháin tugadh deoch le hól dúinn.

1 Corantaigh 12:12-13


Ord na mBan

Is fíor a rá ar bhealach gur ag iarraidh a chomhairle féin a bhí Froinsias nuair a thug sé cúl lena mhuintir. Ach, ós searbh a bhíonn an fhírinne, níor mhiste cuimhneamh gur cruinn mar a réitigh comhairle Fhroinsias leis an gcomhairle a thug Críost uaidh nuair a dúirt sé, dá mba mhian le haon duine a lorg a leanúint, go gcaithfeadh sé grá a thabhairt dó thar ghrá athar ná máthar. A ndearna Froinsias, is é Críost a d’iarr air é agus má tharla gur loit sé teaghlach a mhuintire lena linn ní air a bhí an locht. Ach ba uafásaí fós an scrios a rinne sé ar theaghlach eile in Assisi agus is é deireadh a bhí ar an scéal sin gur chaill clann uasal beirt iníon agus gur bhunaigh Froinsias a dhara hord.

Clann chumhachtach shaibhir ba ea muintir Offreducci a raibh seilbh acu ar Chaisleán Coccarano achar gearr ó Assisi. Istigh sa chathair, áfach, sa teach fairsing a bhí acu i bPiazza San Rufino, a bhíodh cónaí orthu de ghnáth. De réir dealraimh bhí an t-athair marbh agus uncail darbh ainm Monaldo a bhí i bhfeighil an cheathrair leanaí, Martino, Clár, Úna agus Beatrice. Clár an iníon ba shine orthu, í oilte go maith mar ba dhual do chailín uasal, Laidin ar eolas aici, suim aici sa cheol agus—rud nár dhual do chailín uasal—grá mór aici do na bochtáin. Chuala sí na scéalta uile faoi mhac Phietro Bernardone, faoin scirmis ar Dhroichead San Eoin in aghaidh shaighdiúirí Pherugia, faoin uair a d’fhill sé faoi náire agus balcaisí an tseanridire air, faoin lomnochtadh os comhair an easpaig, faoina dhéirceoireacht ar fud na cathrach agus faoi na ceadúnais a thug an Pápa dó féin agus dá chompánaigh. Agus i rith Chaghas na bliana 1212 chuala sí Froinsias fein ag seanmóireacht in Ardeaglais San Rufino.

Agus í ag éisteacht leis, fear nach raibh ach dhá bhliain déag aige uirthi féin, chuir sí suim as cuimse ina chaint dhíograiseach a raibh loinnir na fírinne inti. Nuair a labhraíodh sé ar bheatha bhocht Chríost bhíodh an bheatha mhacánta a chaitheadh sé féin gach lá ag treisiú a fhocal agus ag cothú na dúile a chuir Clár sa bhochtaineacht. Théadh sí chun cainte le Froinsias tar éis na seanmóra le cúrsaí a hanama a phlé leis agus le cíoradh a dhéanamh ar na rúin a bhíodh ag rith trína croí, agus bhí cách in aineolas na n-agallamh sin ach amháin col ceathrar léi darbh ainm Pacifica de Guelfuccio a ghabhadh in éineacht léi.

Níl aon chuntas ar fáil ar na comhráite sin. Má shamhlaímid iad mar chomhráite grá, nílimid i bhfad ón bhfírinne fad agus a chuimhnímid gur mhó grá na beirte do Chríost ná an grá a thug siad dá chéile. Níorbh fhada gur thuig siad gurbh ionann meon dóibh araon maidir leis an tseirbhís a dhlíonn an duine do Dhia, maidir leis an bhfónamh atá air a dhéanamh dá chomharsa agus, thar gach ní eile, maidir leis an bhfeidhm atá leis an mbochtaineacht i saothrú na naofachta. I dtosach báire ba leasc le Froinsia breathnú san aghaidh ar Chlár—eisean a bhíodh blianta beaga roimhe sin ina rí ar an ógra agus é ag canadh dánta grá na dtrúbadóirí gach oíche. Ach ó thug sé cúl leis an seansaol sin ní cheadaíodh sé aon rud dó féin a chuirfeadh a dhílseacht do Chríost i mbaol. De réir mar a nocht Clár a rúin leis, áfach, gur mhian léi déanamh mar a bhí déanta aige féin, a muintir a thréigean, saoirse a bhaint amach dá hanam sa bhochtaineacht agus í féin a thíolacadh do Dhia, ba léir do Fhroinsias an fhíre intinne a bhí inti agus níor leasc leis a thuilleadh breathnú san aghaidh ar an gcailín sin a sheol Críost ina bhealach.

Bhí an méid sin ceart go leor ach ba é an mhórfhadhb a bhí le réiteach, caoi a thabhairt do Chlár a mian a chur i gcrích. Ní raibh sé indéanta, ar ndóigh, glacadh léi i measc na mbráithre. Ach céard a dhéanfaí léi, mar sin? Níor smaoinigh Froinsias riamh ar ord rialta do na mná a bhunú ach oiread agus smaoinigh sé, ag tosú dó, ar a chéad ord a bhunú. Dhealródh sé go ndeachaigh Clár i gcomhairle leis an easpag, a bhí ina chara maith do Fhroinsias i gcónaí, agus, ó b’fhollas dó siúd an chomhthuiscint agus an chomhaidhm a bhí ag an mbeirt, gur cheadaigh sé di í féin a chur faoi sitiúradh Fhroinsias ach go bhfaigheadh seisean áit chónaithe di.

Domhnach na Pailme chuaigh Clár in éineacht lena muintir do dtí an tAifreann i San Rufino. Bhí sí gléasta go galánta amhail brídeach ag dul chun a pósta ach bhí na daoine go léir dall ar fad ar ábhar an cheiliúrtha. Ag am dáilte an pailme, agus na mná eile ag dul suas chun na haltóra le craobh a fháil ón easpag, d’fhan Clár ar gcúl sa suíochán. Níor fhéad sí corraí. Chlis an misneach uirthi, í ag mothú chomh huaigneach agus a dhealraigh sí ansin ina haonar faoina héadaí geala i gcorp na heaglaise, í ag smaoineamh nach bhfeicfeadh sí an ardaltóir sin arís choíche agus a máthair ansin os a comhair. Thug an t-easpag faoi deara í, thuig mar a bhí aici agus tháinig anuas chuici le craobh phailme a bhronnadh uirthi. Ghlac sí leis an bpailm, comhartha an bhua.

D’fhill sí abhaile lena muintir gan aon mhíniú a thabhairt dóibh ar imeachtaí na maidine. Chaith sí an lá sin sa teach amhail colúr óg a mbeadh a eiteoga fásta agus fonn fánaíochta air. Tar éis am luí, agus an líon tí go léir faoi shuan, d’éalaigh sí amach an cúldhoras agus síos an cnoc de shiúl cos. Agus má bhreathnagh sí siar chonaic sí an chathair á cumhdach ag solas na gealaí agus na tithe lán d’fhuinneoga dalla. Bhí an oíche iontach ciúin.

Ag imeacht di síos faoi scáth na gcrann olóige níor r—léir di an cosán os a comhair ach oiread agus ba léir di an saol a bhí roimpi amach, ach bhí preabacha solais ón ngealach ar fud na talún, léaró dóchais má bhí sé de dhíth uirthi. Is beag a smaonigh sí ar na blianta a bhí le teacht; ag an nóiméad sin níor smaoinigh sí ach ar an turas síos go dtí an Póirsiúncola, a turas amach ón saol. Uaigneach an turas é, an oíche mórthimpeall uirthi agus na réaltaí rinneacha os a cionn, ach go dtí go mbainfeadh sí ceann scríbe amach ba mhaith ab eol di nach mbeadh sonas i ndán di. Tar éis dhá mhíle de shiúl scioptha chonaic sí soilse laga ag sméideadh trí na crainn thart ar an bPóirsiuncola: na bráithre ag teacht ina hairicis. Bhí tóirsí ina lámha acu lena tionlacan isteach sa séipéal agus bhí na scáileanna mearbhaill ag damhsa do cheol na lasracha.

Bhí Froinsias istigh sa séipéal ag fanacht leo. Thuig sé níos fearr ná aon duine acu do na mothuithe a bhí ag criathrú anam an chailín, an meascán de chumha, de mhearáthas agus de dhiamhair a bhí ag suaitheadh a croí. D’airigh sé féin a leithéid chéanna an tráthnóna sneachta a shiúil sé amach as teach an easpaig i dtús an earraigh. Go lá a bháis b’fhéidir nár thuig sé i gceart cad é mar ghaisce a bhí san fhéindiúltú a rinne sé féin, ach i gciúnas na hoíche nuair a chonaic sé Clár ag tréigean an tsaoil thuig sé loime a híobartha in iomlán a hiontais agus a ghrá.

Tháinig Clár aníos chuige chun na haltóra agus chuaigh ar a glúine os a chomhair. Ghearr Froinsias an ghruaig fhada órga dá ceann agus thit na duail go marbh go talamh. Bhí cuma níos óige agus níos fágtha ná riamh ar Chlár. Thug Froinsias aibíd dhonn gharbh di agus corda ar nós an chinn a bhí aige féin. Tar éis na searmóna simplí threoraigh sé í de chois trasna na n-ísleán riascach go dtí Clochar San Paolo. Bhí socrú déanta aige roimh ré leis na mná rialta Beinidicteacha ansin go mbeadh bheith istigh ag Clár leo go dtí go mbeadh áit chónaithe dá chuid féin curtha ar fáil di.

An mhaidin dár gcionn bhí a muintir trí chéile nuair a fuair said an iníon ba shine ar iarraidh. Cuireadh a thuairisc i ngach aird den chathair go bhfuarthas amach ar deireadh cá raibh sí. Ghluais buíon dá gaolta faoi cheannas a huncail Monaldo amach chun an chlochair agus iad cinnte nach aon ní ab fhusa ná scata ban rialta a scanrú agus an cailín a ardú ar ais leo chun a máthar. Mar a tharla, áfach, ní cúbadh rompu a rinne na mná rialta agus b’éigean do na laochra briseadh isteach sa mhainistir. Idir an dá linn bhí Clár tar éis teitheadh isteach sa séipéal, áit ar tháinig siad uirthi agus í ag guí ag an altóir. Dúirt siad léi gurbh fhearr di teacht abhaile deo go síochánta ach go raibh siad buailte ar í a bhreith leo ar ais nó ar éigean. Thug siad fúithi lena hiompar amach. Rug sise greim ar éadaí na haltóra leis an bhfód a sheasamh. Tarraingt agus sracadh ar siúl go dtí gur chaith Clár an chaille siar dá cloigeann agus nocht a folt bearrtha. Baineadh oiread sin de chliseadh as na fir gur fhág siad í agus ghlan leo.

Arís agus arís eile d’fhill siad ar an gclochar ag iarraidh í a fhuadach ach ní raibh gar ann. Ghoill an síorchlampar sin chomh mór sin ar Chlár gur bheartaigh sí ar imeacht as an gclochar ar fad. Mhol na mná rialta di clochar eile dá gcuid féin a thabhairt uirthi féin, San Angelo di Panso, a bhí amuigh ar an gcúlráid agus gur dhócha gur mhó an suaimhneas a bheadh aici ann. Thagadh a deirfiúr óg, Úna, ar cuairt chuici go dtí an áit sin. Sé lá dhéag i ndiaidh do Chlár a muintir a fhágáil tháinig Úna chuici agus d’fhan léi. Ní móide go broicfeadh na gaolta gaisciúla leis an dara teifeach thar mar a d’fhoighnigh siad leis an gcéad duine. Chruinnigh Monaldo dáréag fear le chéile agus chuir chun bealaigh faoi dhéin na mainistreach. Tar éis dóibh brisadh isteach sa chlabhstra—gnó a raibh taithí acu air um an dtaca sin—fuair siad an bheirt cailín os comhair na haltóra. Níor bhac siad le Clár ar chor ar bith. Úna amháin a d’ionsaigh siad agus d’éirigh leo í a fhuadach. Níor chuir Clár isteach orthu ach lean dá hurnaí agus ba láidre ná géaga na bhfear urnaí na mná óir, ag tarraingt ar an gcathair dóibh agus an cailín a hiompar acu, mhothaigh na fir théagartha an t-ualach ag éirí níos troime agus níos troime orthu agus ba dheacair dóibh brú ar aghaidh. Níor fhág an ghiorra anála focal acu agus bhí a gcosa ag tuisliú thar a chéile. Ghabh fearg Monaldo gur tharraing sé buille sa leathcheann ar Úna ach má rinne chuir sin arraing ina ghéag a bhain scread as. Bhí an dubhscanradh orthu go léir faoin am sin agus, ós meatachán gach scaothaire an uair nach dtuigeann sé údar a scanraidh, theith siad go dínáireach ar ais go dtí Assisi.

Tháinig Clár amach as an gclochar agus deir an tseanchroinic go raibh “ribí gruaige, a stróic siad as ceann Úna, agus an fhuil dhoirte á cur ar a heolas”. Tháinigsí ar a deirfiúr agus rug ar ais chun an chlochair í. Ó shin amach fágadh an bheirt faoi shíocháin. Bhronn Froinsias aibíd ar Úna faoi mar a bhronn cheana ar Chlár agus in imeacht bliana thug an t-easpag Séipéal San Damiano agus an teach beag taobh leis mar áit chónaithe dóibh. An colúr a d’éirigh ar eitleog, bhí sé ar éis tuirlingt faoi dheireadh chun socrachta.

I San Damiano, ar learg bhláthdhaite an chnoic, chuir an bheirt dheirfiúr rompu an bhochtbheatha ina hiomláine a bheith acu de réir mar a shamhlaíodh Froinsias í. Níor leag seisean aon riail dhaingean orthu ná cuing an chlabhstra sa chaoi nach mbíodh bac orthu dul ag lorg déirce agus freastal ar na lobhair. An dea-shampla a thugaidís uathu, chuaigh sé i gcion ar mhuintir Assisi, faoi mar a tharla roimhe sin i gcás Fhroinsias, agus spreagadh cailíní eile le teacht chuig Clár ag iarraidh cead bheith léi. Laistigh de thrí bliana bhí an oiread sin sa chomhluadar gur thug an Pápa Innocent III aitheantas canónta dóibh nó, mar a deireadh Clár féin, thug sé “pribhléid na bochtaineachta” dóibh agus ba í a toghadh mar bhanab ar San Damiano.

A sin amach b’éigean do na mná rialta éirí as an bhfreastal ar na lobhair agus ar na bochtáin agus an clabhstra istigh a chothú. Leis an mbeatha rinnfheithimh a chaith siad a ndúthracht ansin. Ba chúl taca do shaothar aspalda na mbráithre an phaidreoireacht a rinne Clár agus a compánaigh. Ghuigh siad ar anamacha an tsaoil mhóir, ag déanamh leorghnímh agus impí ar a son, agus ag Dia féin atá fios na ngrást a ghnóthaigh siad. Trína bpaidreacha freisin rinne siad cúiteamh leis na bráithre a bhíodh ag soláthar riar a gcáis dóibh. I gcaitheamh blianta tosaigh an dá ord, ba mhinic triall Fhroinsias ar Chlár agus, pé fíor bréagach é, tá an t-iomrá gur tháinig sise agus a siúracha síos go dtí an Póirsiuncola uair amháin a chaitheamh lóin in gcuideachta na mbráithre, gur thosaigh Froinisas i rith an bhéile ag labhairt ar nithe neamhaí sa tslí go ndeachaigh siad go léir le loinne faoi ghrá Dé. Chonacthas caor thine os cionn na coille agus bhrostaigh daoine as Assisi síos go dtí an Póirsiuncola, ag ceapadh dóibh go raibh an áit trí thine.

Ná meastar, áfach, go raibh Froinsias dall ar an mbaol spioradálta a d’fhéadfadh a bheith sa chomhchaidreamh sin. “Is eagal liom,” ar seisean, “go bhfuil an diabhal ag seoladh deirfiúracha chugainn anois in áit na mban céile atá séanta againn ar ghrá Dé.” Thug sé féin grá do Chlár ach ní raibh lá imní air faoin ngrá sin. Tá curtha ina leith gur chuir sé in iúl do bhráthair eile lá amháin an méid a ghráigh sé í mar a leanas, “Dia, an fhirmimint agus ansin Clár”. Grá daonna arna uaisliú ag an ngrásta a bhí ann, grá nár chuir ceangal ar cheachtar acu agus a d’fhág Críost mar chéad ghrá acu araon ós airsean bhí a gcairdeas bunaithe. Rud naofa agus rud annamh is ea a leithéid. Ina dhiaidh sin uile ba nós le Froinsias amanna staonadh ó chuairt a thabhairt ar Chlár d’fhonn, mar a dúirt sé féin, dea-sampla a thabhairt do na bráithre eile. Ach ba mhinic fós, agus é amuigh faoin tír, a mbíodh a smaointe uirthi agus cibé trioblóid nó amhras a thagadh air bhíodh a fhios aige go raibh Clár ansin le faoiseamh nó comhairle nó misneach a thabhairt dó. Ise an bhean a thug Críost mar anam céile agus mar chompánach dó. Is doimhne tuiscint mná ná tuiscint fir don té a mbíonn mórshaothar idir lámha aige agus a mbíonn air amanna treabhadh leis ina aonar, agus bhí neart spioraid ag Clár a dhéanfadh cion seachtair. Sháraigh sí a huncail Monaldo, thug sí ar Innocent III agus ar Ghreagóir IX géilleadh di agus, na boghdóirí Saraistíneacha a bhí in arm Fheardorcha II, nuair a d’ionsaigh siad Clochar San Damiano chloígh sí iad de thoradh a hurnaí os comhair na Naomh-Shacraiminte.

Sna blianta a bhí le teacht, nuair a d’éireodh aighneas in Ord na mBráithre, nuair a bheifí ag iarraidh Froinsias a bhrú leis an riail scaoileadh beagán, nuair a bheifí ag tathaint air riailbhéas níos déine a chur ar na bráithre, nuair nach dtuigfí i gceart é, bheadh a fhios aige go raibh aon anam amháin ar domhan a thuigfeadh é agus a d’aontódh leis agus a sheasfadh leis ar son a idéil. Agus b’shin í Clár. D’aithin sise an rud a bhí ar a chroí agus thuig na mianta a bhí aige níos fearr ná mar a thuig sé féin iad.

© clairi ni bochta Gaillimh | Eolas Cóipchirt