English version Po polsku




...Moladh leat, a Thiarna liom, ón mBráthair Tine,
Ós trína bhíthin a shoilsíonn tú an oíche,
Agus é chomh hálainn, chomh spleodrach, chomh bríomhar is groí.

Moladh leat, a Thiarna liom, ónár Siúr Máthairthalamh,
A bhíonn dár gcothú agus dár riar,
Is a ghineann torthaí den uile ghné
Le cois na bhflós daite is an uaine.

Moladh leat, a Thiarna liom, óna dtugann pardún ar a ngrá duit,
Is a fhulaingíonn an easláinte is an anacair.
Is méanar dóibhsean a chuireann suas leo go suaimhneach,
Mar is agatsa, a Ró-ard, a chorónófar iad.

Moladh leat, a Thiarna liom, ónár Siúr Bás na colainne
Nach dtig le haon duine beo éalú óna lámh.
Is mairg a éagann i bpeacaí atá marfach;
Is méanar dóibh siúd ar a dtiocfaidh sise is iad ar do mhianta rónaofa,
Óir ní dochar dóibh an dara bás.

Molaigí is beannaígí mo Thiarnasa,
Gabhaigí bhur mbuíochas-sa
Is déanaigí fónamh dó le móruaisle.

Ó Chaintic an Bhráthar Grian
San Proinsias

Ceisteanna ó scoileanna

Is minic a scríobhann grúpaí scoile chugainn ag lorg níos mó eolais faoinár gComhthionól— tá roinnt ceisteanna a chuir siad orainn le feiceáil thíos (focal ar fhocal!), chomh maith leis na freagraí a thugamar orthu. Mínímid do na grúpaí sin a thagann ar cuairt agus a scríobhann chugainn go ndéanann muid iarracht ár saol a chaitheamh de réir theagasc Íosa agus ciallaíonn sé sin go n-éistimid lena bhfuil le rá aige, go háirithe sa Bhíobla. Tá roinnt tagairtí ón mBíobla curtha isteach againn (i gcló iodálach) mar iarracht é sin a léiriú dóibh, agus molaimid dóibh machnamh orthu sin agus iad a phlé lena múinteoirí nó sa bhaile.


Cén fáth a dtugtar na Cláiríní Bochta oraibh?
Baineann muide le hOrd a bhunaigh duine de na mná a ba thaitneamhaí agus ba mhisniúla a mhair riamh – San Clár Assisi, compánach agus duine de lucht leanúna San Proinsias Assisi sa 13ú haois. Tógadh San Clár i dteach mór, áit a raibh saibhreas agus cáil ina timpeall ach roghnaigh sí saol an-simplí di féin; theastaigh uaithi eiseamláir Mhuire agus a mac Íosa a leanúint, díreach cosúil leis an saol fíorbhocht a bhí acusan nuair a bhí siad ar an saol seo. Tá an scéal céanna amhlaidh inár gcás-sa, déanaimid obair an-simplí agus bímid ag brath ar na daoine inár dtimpeall lena bhfuil ag teastáil uainn a thabhairt dúinn.
Duine gealgháireach agus álainn ab ea Clár—duine iomráiteach a bhí inti—ach mar sin féin bheartaigh sí a saol a chaitheamh le ciúnas agus le hurnaí. Le linn ré San Proinsias agus San Clár, bhí ag éirí leat nuair a bhí cumhacht, agus rachmas agat, agus daoine eile faoi smacht agat. Is minic a bhíonn sé sin amhlaidh sa lá atá inniu ann freisin. Mar mhalairt ghlan air sin, is é teagasc San Proinsias agus San Clár go mbímid rathúil nuair a bhíonn ár muinín iomlán i nDia againn, Dia a mbíonn muinín iomlán aige asainn i gcónaí. Is é an freagra a thug siad ar an ngrá iomlán atá ag Dia do gach duine againne ná grá iomlán a thabhairt ar ais dó. Is mar an gcéanna misean na bProinsiasach agus na gCláiríní Bochta, is é sin iarracht a dhéanamh ár saol a chaitheamh mar a mhúineann Íosa dúinn sa Bhíobla “grá a thabhairt dá chéile faoi mar a thug mé grá daoibh” (Eoin 15:12).

An bhfuil cead agaibh labhairt ag amanna áirithe?
Tagaimid le chéile gach tráthnóna chun ár scíth a ligean, comhrá le chéile agus sult a bhaint as comhluadar a chéile. Deir San Clár gur féidir linn labhairt i gcónaí faoi rud ar bith nuair is gá sin. Is éard atá uainn ná atmaisféar ciúin a chothú sa mhainistir ionas nach gcuirfear isteach orthu siúd atá ag urnaí, agus cuidiú linn ár n-aird a dhíriú ar Íosa, a deir linn: Tugaim mo shíocháin daoibh. Ní thugaim daoibh í mar a thugann an saol í.” (Eoin 14:27).

Cad iad na móideanna?
Geanmnaíocht Choisricthe:
Each sister is seeking the Lord always with an undivided heart. Is fíor freisin go bhfuil níos mó i gceist le geanmnaíocht ná díreach gan fear céile a bheith agat. Is éard atá i gceist ná bronntanas a dhéanamh díot féin do dhaoine eile, agus a bheith ag breathnú ar dhaoine eile i gcónaí mar bhronntanas ó Dhia, a bhfuil grá le tabhairt dóibh seachas úsáid a bhaint astu. Seo an fáth go n-iarrtar ar gach Críostaí maireachtáil go geanmnaí, ag brath ar chúinsí a saoil. Tá gné bhreise na haontumhachta i gceist freisin le geanmnaíocht choisricthe Chláirín Bhoicht (ná fiú fear nó bean rialta ar bith).

Bochtaineacht Dhiaga:
Ár gcroíthe a shaoradh ó bheith faoi chuing an tsealúchais

Umhlaíocht:
Leantar eiseamláir Chríost a bhí umhal don Athair, fiú go bás na croise féin.

Foriamh:
Grá iomlán a thabhairt don té a thug suas É féin ar son ár ngrá.

Caithimid aibíd dhonn shimplí a bhfuil corda timpeall uirthi agus ceithre shnaidhm air mar chomhartha dár gceithre mhóid.

An gcuireann sé isteach oraibh nach mbíonn cead agaibh labhairt?
Chomh fada agus a bhain le San Clár bhí saol an chomhthionóil thar a bheith tábhachtach chun timpeallacht ghrámhar a chothú agus ceapaimid go bhfuil sé ar cheann de na beannachtaí is mó atá againn; mar sin, nuair nach mbímid ag caint, is ciúnas síochánta cairdiúil a bhíonn eadrainn, ní ciúnas leamh, míchompordach mar a bhíonn uaireanta idir daoine atá feargach lena chéile. Dá bhrí sin, ní chuireann sé isteach orainn gan a bheith ag caint an t-am ar fad, cuidíonn sé linn a bheith níos síochánta agus níos socra agus teastaíonn uainn éisteacht leis an méid atá le rá ag Dia linn, mar geallann Sé labhairt linn i gciúnas ár gcroíthe.

Cén aois a chaithfidh tú a bheith chun dul isteach san Ord?
Ní mór do dhuine a bheith aibí agus cinneadh mór mar seo a dhéanamh agus ní muid féin amháin a dhéanann an cinneadh seo. Is glaoch nó cuireadh a thagann ó Dhia é a dtugaimid freagairt dó go toilteanach agus le grá. Uaireanta airíonn daoine atá fós ar scoil go bhfuil Dia ag glaoch orthu nó ag tabhairt cuireadh dóibh É a leanúint sa bheatha rialta, ach de ghnáth is mná óga sna fichidí agus sna tríochaidí a théann isteach san Ord in éineacht linn.

An mbíonn sibh uaigneach uaireanta?
Bíonn sé uaigneach uaireanta ach bíonn Íosa linn i gcónaí agus is éard a deir Sé le gach duine “Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair; ná bíodh faitíos ort mar is mé do Dhia” (Íseáia 41).Múineann ár gcreideamh Caitliceach dúinn nach mbímid riamh inár n-aonar—tá difríocht idir a bheith uaigneach agus a bheith i d'aonar le Dia. Caithfimid na mothúcháin a bhaineann le huaigneas, brón, eagla, fearg agus leithleachas a bhrath chomh maith leis na mothúcháin shonasacha chun maireachtáil go hiomlán mar dhuine, mar is cuid den saol iad uile. Bíonn amanna ag gach uile dhuine, daoine mór le rá mar aon leis an ngnáthdhuine, nuair a bhíonn féin-amhras agus uaigneas orthu, ach nuair a iompaímid i dtreo Íosa agus Mhuire, a Mháthair, agus nuair a iarraimid orthu a thaispeáint dúinn go bhfuil siad linn, déanann siad amhlaidh. Chruthaigh Dia gach uile dhuine ar bhealach uathúil agus tá plean ar leith aige do gach duine againn. Is trí thuiscint a fháil air sin a fhaighimid fíorshonas, iomláine, saoirse agus an grá atá á lorg againn, cé go gcuireann na meáin a mhalairt in iúl dúinn.

Cad a dhéanann sibh ó lá go lá?
Is é an tAifreann agus Adhradh Naomhshacraimint na hAltóra croílár an lae, agus is iad na gnéithe is lárnaí dár ngairm iad. Cuirimid amanna áirithe ar leataobh i rith an lae chun grá agus adhradh a thabhairt d'Íosa a bhíonn i láthair sa séipéal sa tSacraimint Bheannaithe. Chomh maith leis sin, déanann an comhthionól an Tráth Diaga (paidreacha oifigiúla na hEaglaise Caitlicí) le chéile seacht n-uaire i rith an lae. Tá an phaidir sin ar an "obair" is tábhachtaí atá againn, agus is cuid lárnach dár lá í. Éirímid arís ag meán oíche ar feadh uaire chun guí le chéile agus chun am a chaitheamh ag Adhradh—deir duine dár siúracha gurb é an rud is deise faoi sin ná gur féidir linn dul a chodladh faoi dhó in aon oíche amháin! Tugaimid uile grá do Mhuire Mháthair mar is í ár máthair ar neamh í agus tugann sí aire dúinn mar a thabharfadh sí dá clann féin. Bealach amháin ar féidir linn ár ngrá a thaispeáint di agus cúnamh a iarraidh uirthi (ar mhaithe linn féin agus ar mhaithe leo siúd a nguímid ar a son) is ea an Choróin Mhuire a rá le chéile gach lá, de ghnáth nuair a bhímid ag siúl timpeall an ghairdín nó inár séipéal má tá an aimsir go dona. Déanann gach siúr a díol féin den obair a bhíonn i gceist leis an mainistir agus leis an ngairdín a chothabháil; ní chuirtear béim ar thorthaí a bhaint amach ná ar thábhacht na hoibre, ach ar an ngrá lena ndéantar an obair—meon oibre atá an-éagsúil ón meon a bhí againn roimh theacht anseo. Bíonn cuid faoi leith den ghairdín ag gach duine agus tugann sí aire di, agus pácálaimid agus dáilaimid na habhlanna comaoineach a ndéantar Corp Chríost astu ag an Aifreann. Bíonn am spraoi le chéile freisin againn i gcroíúlacht spiorad teaghlaigh na bProinsiasach.

Cad a dhéanann sibh nuair a bhíonn am saor agaibh
Bíonn deiseanna againn sult a bhaint as ár gcaithimh aimsire-bíonn na gníomhaíochtaí sin chomh héagsúil leis na siúracha iad féin. Mar shampla, garraíodóireacht, potaireacht, péinteáil ghloine nó péinteáil de shaghas eile, fuáil, ag déanamh cártaí, léitheoireacht, aclaíocht, staidéar (tá duine dár siúracha ag déanamh cúrsa comhfhreagrais), canadh, ag éisteacht le ceol nó ag cleachtadh uirlisí ceoil. Go deimhin, má tá ábhar nó caitheamh aimsire ann a bhfuil fonn ar dhuine é a dhéanamh, agus ar féidir é a dhéanamh anseo, déanaimid é.

An airíonn tú uait do mhuintir agus do chairde?
Cinnte, airímid uainn go mór iad, agus déanta na fírinne, ceapaimid gurbh é sin an rud ba dheacra dúinn uile nuair a chuamar isteach sa mhainistir. Is féidir lenár muintir cuairt a thabhairt orainn ceithre huaire sa bhliain (agus ár gcairde anois agus arís), ach tá an scaradh ó na daoine a dtugaimid grá dóibh an-deacair ar fad. Caithimid a bheith muiníneach go bhfuil Dia ag tabhairt aire dóibh ach bíonn sé fíordheacair ar ócáidí teaghlaigh ar nós bainiseacha nó má bhíonn duine gar dúinn tinn, nó má shaolaítear páiste dóibh nó rud ar bith ar mhaith linn a bheith páirteach ann. Tugann sé sin chuig an gcéad cheist eile muid:

An mbíonn cead agaibh an mhainistir a fhágáil chun freastal ar ócáidí speisialta?
Ní théimid amach ach nuair is gá, agus ní tharlaíonn sin ach sa chás go mbeadh orainn dul chuig an ospidéal nó chuig an dochtúir nó an fiaclóir, nó uaireanta chun cúrsa staidéir do Chláiríní Bochta a dhéanamh (tarlaíonn sé sin thart ar gach tríú bliain). Ach ní bheadh cead againn freastal ar bhaistí ná ar bhainiseacha ná ar ócáidí eile den sórt sin.

An bhfuil cead agaibh smideadh a chaitheamh?
Níl, agus amantaí bíonn sé seo deacair ar dhaoine ag an tús. Níl aon bhealach le goiríní a cheilt ná le feabhas a chur ar a bhfuil againn go nádúrtha! Ach is dóigh gurb í sin an chúis atá leis, glacadh linn féin agus grá a bheith againn dúinn féin mar atáimid, gan cabhair a fháil ó na cleasa áilleachta is déanaí. Níl aon deis againn ligean orainn féin go bhfuilimid níos fearr ná mar atáimid agus ní féidir linn na codanna siúd nach maith linn a cheilt. I ndeireadh na dála, is rud maith é sin mar foghlaimímid an chaoi ar féidir grá a bheith againn dúinn féin mar atáimid; níl sé sin éasca i gcónaí ach tá sé tábhachtach mar is é Dia a chruthaigh gach duine againn agus ní dhéanann Sé botún riamh. Mura gcaithimid smideadh, is bealach amháin é sin le buíochas a ghabháil le Dia: “Tugaim buíochas duit de bharr iontas mo dhéantúis; de bhrí gurb éachtach iad d’oibreacha” (Salm 138/9).

An mbíonn bhur gcuid ainmhithe féin agaibh?
Bhíodh sicíní againn ach d’eirigh le minc teacht isteach agus mharaigh sé gach ceann acu, rud a chuir an-bhrón orainn agus shocraíomar gan aon sicín eile a choinneáil ina dhiaidh sin. Uaireanta cuireann feirmeoir áitiúil a chuid ba agus laonna isteach ar féarach inár bpáirc, agus is breá linn é sin.

An dtéann sibh ar oilithreachtaí
Ní théann, ach guímid go minic ar a son siúd a théann..

An airíonn tú níos gaire do Dhia?
Ceist mhaith! Nuair a ghuímid, stiúrann Dia i dtreo tuiscint níos doimhne muid maidir leis féin trí thaispeáint dúinn cé muid féin i ndáiríre agus céard is brí leis an saol seo. Tugann sé sin saoirse dúinn a bheith díreach mar atáimid agus ní mar a deir daoine eile a ba chóir dúinn a bheith. Is dóigh gurb éard atá ann ná méadú ar an tuiscint faoin méid grá a thugann Dia dúinn, agus ansin bímid meallta chun grá níos doimhne a thabhairt dó nuair a fheicimid inár saol laethúil an chaoi a dtugann Sé aire dúinn agus an chaoi ina mbíonn Sé ag tnúth lenár ngrá. Is beag duine na laethanta seo a thugann grá d'Íosa agus dá bharr sin is mian linn grá ónar gcroíthe go hiomlán a thabhairt dó a mhéad agus is féidir linn. Ba mhaith linn gach a bhfuil ionainn agus gach a bhfuil againn a thabhairt dó. Is minic nach bhfuil láithreacht Dé le haireachtáil le linn urnaí ach creidimid go bhfuil Sé in éineacht linn i gcónaí, ag tabhairt grá agus aire dúinn. Níl duine ar bith ar domhan nár mhaith leo go dtabharfaí grá dóibh. Bímid go léir ag tnúth leis an ngrá, ag tnúth le cion ó dhuine éigin speisialta, agus a bheith ar an duine is tábhachtaí ina saol. Ní gá go gciallódh sé go mbíonn tú níos gaire do Dhia más bean rialta seachas duine pósta thú, braitheann sé go hiomlán ar an bhfreagairt atá againn don ghlaoch a chuireann Dia orainn inár saol. Glaoitear ar gach duine, pé áit a bhfuil siad sa saol, teacht chun Dé, grá a thabhairt dó agus a ghrá a bhlaiseadh agus tá rud an-suntasach le rá ag Íosa le gach duine: “Mar is luachmhar thú i mo shúile agus tá grá agam duit” (Íseáia 43).

An mbíonn soláthairtí leighis laistigh den mhainistir agaibh nó an gcaitheann sibh dul chuig an ospidéal?
Is banaltraí iad roinnt dár siúracha agus bíonn roinnt soláthairtí leighis sa Mhainistir ach bheadh orainn dul chuig an ospidéal le haghaidh cóir leighis nó tástálacha nó rudaí eile den chineál sin.

Cén fhad a chaitheann sibh ag urnaí gach lá?
Bímid ag urnaí ar bhealaí éagsúla i rith an lae: nuair atáimid linn féin nó le chéile mar chomhthionól, trí mhachnamh ciúin a dhéanamh agus tríd an Tráth Diaga a dhéanamh (sailm agus léachtaí ó na scrioptúir). Caithimid timpeall is cúig huaire san iomlán le hurnaí fhoirmeálta ach gach uair a smaoinímid ar Íosa is paidir í. I ndáiríre, d'fhéadfá a rá go mbímid ag guí an t-am ar fad—fiú nuair a bhíonn na fataí á ní againn!

An ndéantar sibh a adhlacadh laistigh de thailte an chlochair?
Déantar. Táimid i nGaillimh ó 1642, agus tá go leor Siúracha atá imithe ar shlí na fírinne ó shin curtha anseo. Sna blianta tosaigh, go háirithe le linn aimsir na géarleanúna, dhéantaí na Siúracha a adhlacadh laistigh de thailte Mhainistir na bProinsiasach i nGaillimh.



© clairi ni bochta Gaillimh | Eolas Cóipchirt