English version Po polsku




Chonaic sibh féin an chaoi ar thóg mé liom sibh ar eití iolair agus a thug mé chugam féin sibh.

Eaxodus 19:4


Saol Neamhghnách Urnaí i dTearmann Cathrach

Le Dara Bradley
Aistriúchán ar agallamh a cuireadh ar an tSiúr Catherine agus a foilsíodh sa Connacht Tribune agus sa Galway City Tribune, 6 Aibreán, 2007

Tá a fhios ag chuile dhuine i nGaillimh cá bhfuil Oileán Ealtanach. Siúlaimid thar an mbóithrín cúng sin go rialta agus muid ag déanamh ár mbealach chuig an scoil, chuig an obair nó chuig na siopaí. Ach níl a fhios ag chuile Ghaillimheach go bhfuil mná rialta ar Oileán Ealtanach i gcónaí, i Mainistir na gCláiríní Bochta. Is cuid de chathair na Gaillimhe í atá faoi cheilt leis na gcéadta bliain.

Tá sí ina ball d'Ord na gCláiríní Bochta, Dara hOrd San Proinsias, ord ban rialta de chuid na hEaglaise Caitlicí a bhunaigh San Clár Assisi agus San Proinsias Assisi sa bhliain 1212. Ord foriata atá ann, a bhfuil béim faoi leith aige ar chleachtas na bochtaineachta.

Is í an chéad cheist atá agam uirthi mar sin ná cén fáth a mbeadh bean ar bith ag iarraidh a saol a chaitheamh in ord foriata, nuair nach bhfuil i ndán di ach obair, paidreoireacht agus aithrí? Is beag bean-ná fear-in Éirinn a chuimhneodh ar a leithéid sa lá atá inniu ann.

Ní hamhlaidh don tSiúr Catherine, bean a rinne cinneadh ollmhór sa bhliain 1988 nuair a d'éirigh sí as an ngnáthshaol agus nuair a chuaigh sí isteach in ord rinnfheitheamhach na gCláiríní Bochta. Mar gur ord foriata é, tá difríocht amháin ann nuair a bhuailimid le chéile-tá barraí iarainn eadrainn, nó gráta mar a thugtar air. Thart ar dhá scór bliain d'aois atá an tSiúr Catherine, caitheann sí aibíd dhonn agus gimpe bhán agus tá fáinne ar a láimh dheas a thugann le fios an tiomantas atá déanta aici. Agus í ag cuimhneamh ar a hóige, dúirt sí gur gnáthdhéagóir a bhí inti. Caitliceach a bhí inti, ach ní raibh spéis as cuimse aici i gcúrsaí creidimh. Thaitin sé léi a bheith ag dul chuig an dioscó agus a bheith ag damhsa, agus gloine Harp an deoch a b'ansa léi.

"Bhí go leor cairde agam, bhí buachaill agam, thaitin siopadóireacht agus an dioscó liom agus bhí post iontach agam, ach ar deireadh, d'airigh mé go raibh rud éigin ar iarraidh...bhí mé ag cuartú ciall níos doimhne i mo shaol".

Deir sí nach bhfuil sé éasca é a mhíniú i bhfocail ach go raibh 'tnúthán' istigh inti nach raibh á chomhlíonadh, agus dúirt sí léi féin 'go gcaithfidh níos mó ná seo a bheith ann sa saol.'

Fuair sí an chéad leid den chiall níos doimhne sin a bhí á cuartú aici i mí na Bealtaine 1987 nuair a d'iarr duine a bhí cairdiúil lena munitir uirthi dul ar oilithreacht go dtí Scrín na Maighdine Muire i Medjugorje. Admhaíonn sí nach róchráifeach a bhí na húdair a bhí aici dul ar an turas: "Dúirt mé liom féin go raibh sé chomh maith agam a dhul mar go bhfaighinn roinnt gréine agus go mbeadh sé níos saoire a dhul amach san oíche!!"

Ghlac sí páirt i ngníomhaíochtaí uilig na n-oilithreach, agus is mar gheall orthu seo seachas an ghrian agus an t-ólachán a tháinig sí ar ais go Medjugorje cúig mhí ina dhiaidh sin. An uair sin, nuair a chuaigh sí isteach sa séipéal áitiúil, d'airigh sí go raibh rud éigin éagsúil faoi: "Bhí lúcháir orm, bhí mé trí thine! Bhí braistint chumhachtach agam den ghrá a bhí ag Dia dom, agus den ghrá a bhí agam Dó. Cheap mé gur blaiseadh de na flaithis a bhí ann."

Crosbhealach a bhí ann, mar a tharla sé. Bhí sí ag siúl thar gheata na mainistreach in Oileán Ealtanach seachtain tar éis di filleadh ar an 'ngnáthshaol' agus ag a post i Roches Stores. D'airigh sí gur 'saol pairdreoireachta agus aithrí' an rud a bhí in easnamh ina saol. Chuaigh sí isteach agus dúirt sí le duine de na siúracha, "Breathnaigh, tá mé ag aireachtáil iontach ó tháinig mé ar ais as Medjugorje, ach mothaím mar seo".

Bhí an tSiúr Catherine amhrasach faoi na mná rialta ar dtús, agus chaith sí bliain ag tabhairt cuairteanna ar an mainistir chun eolas a fháil ó na mná rialta faoin saol a bhí acu. Ní raibh uaithí cos a leagan taobh istigh den mhainistir agus thug sí cara léi fiú "ar fhaitíos go gcuirfidís faoi gheasa mé, nó go n-oibreoidís an cloigeann orm sa chaoi is go ngabhfainn isteach leo in aghaidh mo thola".

Ach ní oibriú cloiginn a bhí ann, díreach tarraingt chumhachtach ó Dhia, agus i mí Meán Fómhair 1988, d'airigh an tSiúr Catherine go raibh "blaiseadh faighte aici de ghrá Dé" agus rinne sí an cinneadh "go raibh uaim díreach mo shaol a thabhairt do Dhia agus a bheith in éineacht leis i gcónaí".

Nuair a théann duine isteach in ord foriata, tá sé in ann a bheith cosúil le méala dá muintir agus dá cairde. An raibh siadsan chomh sásta faoin gcinneadh a rinne sí is ata sí féin?
"Cheap mo chairde nach raibh ciall ná réasún leis", a deir sí, "ach fuair mé an-tacaíocht ó mo dheartháireacha agus mo dheirfiúracha".

"Is aisteach an rud é go bhfuil an caidreamh atá agam le mo theaghlach níos doimhne anois, mar go n-insíonn siad níos mó dom fúthu féin agus faoina saol pearsanta. Bíonn siad oscailte liom ar bhealach nach mbeadh amhlaidh dá mba rud é go bhfaca mé go rialta iad."

Is í an bhochtaineacht ceann eile de na móideanna nach mór do na siúracha glacadh leis nuair a théann siad isteach: "Níl pingin rua agam! Chaith Íosa saol faoi bhochtaineacht mar gheall ar an ngrá a bhí aige dúinne, agus glacaimid go fonnmhar mar sin le saol ina léirímid neamhshuim i rudaí ábhartha.".

Is é i phríomhfhoinse ioncaim atá acu an t-airgead a shaothraíonn siad as pacáil agus dáileadh abhlann do dheoise na Gaillimhe agus do dheoisí eile. Deir sí go dtugann sí aon síntiús airgid a fhaigheann sí don ord chun coinnle a cheannach agus i dtreo choinneáil na mainistreach.

Tá gairdín ag na mná rialta ina bhfásann siad glasraí, ach ní dhéanann sé seo iad ach ar feadh trí mhí den bhliain, agus fágann an mhóid bhochtaineachta go bhfuil siad ag brath go mór ar fhlaithiúlacht mhuintir na Gaillimhe.

Uair amháin, casadh bean uirthi ag an ngeata agus í ag filleadh ón ospidéal, áit a raibh coinne aici. Thug an bhean seo mála di in raibh cáis, arán agus canna pónairí agus is léir go ndeachaigh croíúlacht na mná go mór i gcionn ar an tSiúr Catherine. Bhí uair eile ann nuair a bhí fear ceirde ag cur caoi ar chlaí sa mhainistir. Thug sé málaí fataí di mar go raibh na cinn a bhí á mbruith aici an lá sin an-dona.
Sampla é sin den chineáltas a fhanann léi. "Tá muintir na Gaillimhe iontach…ní bhíonn ocras riamh orainn, ach ní bhíonn biachlár againn ach an oiread. Táimid ag brath go hiomlán air sin ar a bhfaighimid i bhfoirm bronntanas. Bíonn míorúiltí beaga ann ó am go chéile…d'fhéadfadh sé tarlú go mbeinn ag guí go dtiocfadh rud éigin ar leith isteach, agus thiocfadh!"
Ní bhíonn cumha uirthi i ndiaidh béiltí breátha ach tá gnéithe den saol ar an taobh amuigh a airíonn sí uaithi. Mar shampla, dúirt sí gur bhreá léi ó am go chéile dul ag siúl ar an bProm i mBóthar na Trá.
"Airím uaim mo chuid siúlóidí, agus siopadóireacht sa mbaile mór, agus b'aoibhinn liom a bheith ag dul go dtí áiteanna eile don deireadh seachtaine. Ach ní chaithim an lá ag cuimhneamh ar an bProm-chaith mé uaim é ar son an ghrá agus an mhaitheasa. Bhí a fhios agam céard a bhí romham nuair a tháinig mé isteach. Tá sé cosúil le bheith pósta-ní mór duit íobairtí a dhéanamh."

Deir sí go bhfuil gá le hurnaí agus le spioradáltacht, agus gurb iad na hoird fhoriata a choinníonn an ghné seo den Eaglais ag imeacht: "Is muide croí na hEaglaise agus má stopann an croí sin ag bualadh-má stopann muide ag guí-céard a tharlóidh don Eaglais?"

Tá dualgais ar leith ag gach siúr sa mhainistir agus tá neart oibre ann chun iad a choinneáil ag imeacht. Chomh maith leis na habhlanna a dhéanamh, ní mór dóibh béiltí a réiteach, éadaí a ní, an gharraíodóireacht a dhéanamh agus aire a thabhairt do roinnt de na siúracha atá imithe in aois agus nach bhfuil an tsláinte ró-mhaith acu.

Is í an phaidreoireacht príomhdhualgas na siúracha, áfach, agus éiríonn siad ag 5.30 ar maidin chun é sin a dhéanamh. Téann na siúracha ag an Aifreann gach lá, bíonn tréimhsí rinnfheithimh acu agus bíonn siad ag guí agus ag léamh scrioptúir leo féin. Anuas air sin, déanann siad na 'tráthanna canónta' agus tagann siad le chéile seacht n-uaire in aghaidh an lae mar phobal chun dul ag paidreoireacht, faoi dhó sa lá le haghaidh rinnfheithimh chiúin, agus éiríonn siad i lár na hoíche fiú chun adhartha.

Ainneoin go bhfuil siad scoite amach ón tsochaí-is annamh a théann siad chuig an bhfiaclóir nó chuig an dochtúir, ní léann siad ach nuachtáin Chaitliceacha agus éisteann siad leis an nuacht ar an raidió uair amháin in aghaidh an lae-is díol iontais é chomh heolasach is atá an tSiúr Catherine ar na fadhbanna atá ag goilliúint ar mhuintir na hÉireann. Eascraíonn an tuiscint sin as a bheith ag caint leis na daoine a thagann ag doras na mainistreach in Oileán Ealtanach nó uathu sin a scríobhann chuici ag iarraidh ar na Cláiríní Bochta guí ar a son nó ar son a rún.

"I measc na rudaí a iarrann daoine orainn guí ar a son, tá tinneas, fadhbanna pósta, tuismitheoirí gan a bheith in ann a ngasúir a thuiscint, daoine óga a bheith ag mí-úsáid óil nó drugaí, cúnamh do lanúineacha a bhfuil páiste uathu nó atá ag iarraidh páiste a uchtú. Faighimid na hiarratais níos éadroime freisin-daoine ag iarraidh orainn guí go mbuafadh a gcontae Craobh na hÉireann, nó go gcasfaidís ar an bhfear nó an bhean cheart chun iad a phósadh. Scríobh duine amháin chugainn ag iarraidh orainn paidreacha a rá dó ionas go mbuafadh sé an lotto!"

Tá athruithe suntasacha tugtha faoi deara aici ar na corruaireanta sin a fhágann sí an mhainistir, agus tá an chosúlacht uirthi go gcuireann faisean na ndaoine óga mearbhall uirthi. Ach oibríonn sé seo an dá bhealach agus deir sí: "Nuair a fheiceann daoine an chaoi a mbíonn muide gléasta, bíonn siad ag tógáil grianghraf dínn lena gceamaraí nó lena bhfóin shoghluaiste. Is dóigh gur cadhain aonair muid!"

Airíonn sí freisin nach bhfuil daoine sásta, ainneoin chomh maith is a d'éirigh linn ó thaobh na heacnamíochta le blianta beaga anuas: "Tá cuma an-bhrónach ar dhaoine ar an tsráid. Bíonn meangadh gáire ar mo bhéal agus mé ag breathnú orthu, agus ní fheicim mórán mothúcháin ina ngnúiseanna. Ainneoin an rachmais uile, tá an chuma orthu go bhfuil siad ag cuartú ciall níos doimhne dá saol."

Agus mise ag fágáil slán acu agus ag imeacht liom as an tearmann síochánta seo agus ag filleadh ar chlampar na cathrach, tá sé deacair orm samhlú go mbeadh Gaillimh níos fearr as gan na mná rialta speisialta seo a bheith ina measc

In the garden
Praying rosary
Let's play the music
What's a smell!
In the garden
© clairi ni bochta Gaillimh | Eolas Cóipchirt