English version Po polsku




Tar, a chéile Chríost, glac an choróin atá ullmhaithe ag Críost duit ón tsíoraíocht i leith

Comhgháir roimh an Soiscéal, Féile San Clár

Ón gCuntasaíocht go dtí an Clochar-Scéal na Siúrach Colette

Dá ndéarfadh duine ar bith liom agus mé ag staidéar le bheith i mo chuntasóir go n-éireoinn as ar fad díreach breis is bliain tar éis dom cáiliú, cheapfainn go raibh siad as a meabhair. Ach sin é go díreach an rud a tharla

Tógadh i dteaghlach Caitliceach mé ina raibh ár gcreideamh á chleachtadh againn. Gné dár saol a bhí ann nach ndearna mé mórán machnaimh uirthi. Níor éirigh mé riamh as dul ag an Aifreann ar an Domhnach-gnáth-chleachtas an Domhnaigh a bhí ann agus níor smaoinigh mé mórán air.

Rinne mé céim sa Tráchtáil san Ollscoil agus bhain mé an-taithneamh as an saol sóisialta a bhí ann. Nuair a chríochnaigh mé san Ollscoil, bheartaigh mé tabhairt faoin gcuntasaíocht agus cuireadh tús le tréimhse ina raibh mé ag obair go lánaimseartha agus ag staidéar sna tráthnónta, agus ina raibh scrúduithe le déanamh agam faoi dhó sa bhliain. Chonacthas dom go n-éirínn níos 'díograisí' ag urnaí nuair a bhíodh scrúduithe ag teannadh liom, agus mé ag guí go n-éireodh liom iad a fháil. Ar ndóigh, nuair a bhí mé réidh leo, thiocfadh deireadh leis an díograis, agus théinn ar ais chuig mo shaol sóisialta.
Mar sin féin, de réir mar a chuaigh an t-am thart, thosaigh mé ag cur ceisteanna orm féin faoi Dhia a bheith ann i ndáiríre, nó gan a bheith ann. Más rud é gurbh ann dó, ní raibh sé ceart a dhul chuige díreach nuair a bhí rud éigin ag teastáil uaim. Má bhí Dia ann i ndáiríre, chaithfeadh chuile shórt atá ráite linn faoi sa Bhíobla a bheith fíor agus níor mhór i bhfad níos mó a bheith i gceist sa chaidreamh a bhí agam leis. Mura raibh Sé ann, d'fhéadfainn dearmad a dhéanamh air. Bhí rud amháin cinnte, is é sin nach raibh an caidreamh a bhí agam leis sásúil. Dála an scéil, ní fhéadfainn caidreamh a thabhairt air toisc nach raibh aon chaidreamh againn lena chéile

Bhreathnaigh mé féin agus cara liom ar chlár teilifíse faoi Medjugorje (áit i mBoisnia a bhfuil an Mhaighdean Bheannaithe ag teacht i láthair le blianta fada anois). Bhí mé thar a bheith tógtha leis. Bhuail mé le grúpa daoine óga tamall ina dhiaidh sin a thug cuireadh dom dul chuig cruinniú urnaí, agus thosaigh mé ag freastal go rialta air. Thaitin sé thar cionn liom. Chuir sé an oiread iontais orm na daoine óga seo go léir a fhéiceáil - d'fhéadfadh thart ar chéad duine a bheith i láthair in aon oíche amháin! Bhí an chuma orthu uile go raibh an-áthas orthu agus go raibh gliondar ina gcroíthe. Chuaigh an creideamh bríomhar a bhí acu i bhfeidhm go mór orm. Nuair a labhair siad faoin gcaoi a raibh Íosa á nochtadh féin ina saol, ba léir nach neach spioradálta a bhí i bhfad uathu Dia, ach go raibh Sé an-ghar dóibh. Chuir sé iontas orm nach daoine "ró-chráifeacha" a bhí iontu, ach go mba ghnáthdhaoine iad ón ngnáthshaol. Ní raibh faitíos níos mó orm go gcaithfeá a bheith i do bhean rialta chun caidreamh ceart a bheith agat le Dia.
Bhí gach a raibh acu uaim. .

Ar deireadh, tharla sé go raibh deis agam féin agus ag mo chara Máire dul go Medjugorje. Nuair a bhí mé ansin, bhí eispéireas domhain agam inar mhothaigh mé go pearsanta an grá atá ag Dia dom. Tharla sé le linn choisreacan an Aifrinn. Chuala mé go minic go bhfuil grá ag Dia dúinn uile ach ba ráiteas gan bhrí é. Go tobann, ba bheag nár thit mé as mo sheasamh. Mhothaigh mé go raibh grá iomlán ag Dia dom agus bhí a fhios agam go cinnte go raibh Dia i láthair go fírinneach i Naomhshacraimint na hAltóra. Ba bheag nár thit mé as mo sheasamh agus ba mhór an t-iontas a bhí orm nuair a d'airigh mé na mothúcháin thréana ghrá a bhí agam do Dhia. Ní féidir liom cur síos a dhéanamh ar na mothúcháin dhoimhne síochána agus gliondair a bhí agam. Ní raibh rud ar bith eile i mo shaol inchurtha leis. B'aoibhinn liom an urnaí ón uair sin ar aghaidh mar go mba fhollasach dom anois nach rannta tura a bhí iontu a bhí le hathrá, ach bealach chun an caidreamh beo a bhí agam le Duine a raibh mé i ngrá go hiomlán leis a chur in iúl, ar Dhuine É a raibh a fhios agam go raibh grá aige dom.

Nuair a tháinig mé abhaile as Medjugorje, labhair mé le sagart faoin méid a tharla dom. Ag an am sin, bhí an oiread sin grá agam do Dhia go raibh uaim cibé rud a bhí uaidh a dhéanamh, fiú dul isteach sna mná rialta. Bhí súil agam nach é sin a bhí uaidh ach ghlacfainn le cibé rud a pleanáilte ag an Tiarna dom. Mhol an sagart seo dom mo chuid staidéir a chríochnú i dtosach agus machnamh a dhéanamh ar an ngairm chrábhaidh ina dhiaidh sin.

Dhírigh mé mar sin ar mo shaol mar a bhí sé. Bhí mé ag baint an-taitneamh as mo shaol sóisialta i gcónaí. Anuas air sin, bhínn ag siúl amach le daoine mar gur cheap mé i gcónaí go bpósfainn. Rinne mé go leor cairde nua agus bhíodh muid ag dul amach lena chéile go sóisialta. Ach níor airigh mé riamh go hiomlán sásta, cé gur bhain mé taithneamh as an saol. Thosaigh mé ag tabhairt faoi deara cumhacht na paidreoireachta sa réimse spioradálta agus fisiciúil araon, i mo shaol féin agus i saol daoine eile. Mar shampla, bhí mé ag siúl amach le duine a raibh a dhroim gortaithe go dona aige i dtimpiste bóthair, rud a d'fhág go raibh air éirí as an obair ar feadh bliana. Oíche amháin, leigheasadh a dhroim go tobann ag cruinniú urnaí. Bhí rudaí iontacha ag tarlú i mo theaghlach féin freisin de bharr paidreacha, agus bhí chuile dhuine acu ag braistint ghrá Dé ina gcroíthe. Chonaiceamar a lán míorúiltí.

Ar deireadh, cháiligh mé mar chuntasóir. Is cuimhin liom gur airigh mé go raibh easpa mhór istigh ionam an lá sin. Bhí an méid sin blianta caite agam ag stáidéar go dian chun na scrúduithe sin a fháil agus anois, agus an cháilíocht faighte agam, ní raibh suim ar bith agam ann. Ba dheacair dom é a chreidiúint.
Is dócha gurb é an díomá a bhain leis an lá sin a chuir ina luí orm go mbeadh orm breathnú arís ar an ngairm chrábhaidh. De réir a chéile, agus mé ag streachailt leis an smaoineamh seo a bheith i mo bhean rialta, chonacthas dom féin gurb é sin a theastaigh uaim. Ní rud a tharla ar an bpointe boise é. Bhí a fhios agam, mar sin féin, nach raibh agam ach aon saol amháin agus gurb é an rud a b'áille a d'fhéadfainn a dhéanamh leis ná mé féin a thabhairt do Dhia, arbh É an grá É. Ar deireadh, bhí sé soiléir go mbeadh orm insint do mo mhuintir céard a bhí ar intinn agam. Is mé is sine de thriúr cailíní agus táimid an-mhór le chéile mar theaghlach. Bhí a fhios agam go ngoillfeadh sé go mór orthu. Déanaimid dearmad ar a raibh fíorluachmhar dúinn tráth agus ina áit cuirimid an rud nach bhfuil chomh maith céanna ach a bhfuil fáil níos éasca air. Más mian linn mar sin fanacht dílis, ní mór dúinn a bheith réidh aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí, go mórmhór na deacrachtaí a eascraíonn istigh ionainn féin. Ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag amanna mar sin le creideamh lom, dóchas simplí agus fíorghrá.

Bhí sé an-deacair é a insint dóibh. Bhí sé sách dona a insint dóibh go raibh mé ag smaoineamh dul isteach sna mná rialta, ach, níos measa arís, go raibh mé ag smaoineamh ar dhul isteach in ord foriata. Bhí m'athair ag tabhairt suíochán chun na hoibre dom an lá tar éis dom é a insint dóibh. Bhí deora ina shúile nuair a dúirt sé liom go raibh sé bródúil asam, cibé rud a dhéanfainn le mo shaol. Bhí mé chomh buíoch as ucht na tacaíochta móralta a fuair mé uaidh, ach bhris sé mo chroí é a fheiceáil ag gol agus bhí a fhios agam gur mise a ba chúis leis an mbuairt a bhí ar mo mhuintir go léir. Ach fós féin, bhí a fhios agam i mo chroí istigh gur rud é a bhí orm a dhéanamh.

An deireadh seachtaine dár gcionn, d'imigh mé liom-bhí scíth ag teastáil uaim. Thug mo dheirfiúr litir dom agus mé ag fágáil. Is cuimhin liom é a thógáil amach chun í a léamh i gcaifé agus gur thosaigh na deora ag sileadh uaim agus mé ag léamh na bhfocal goilliúnach faoin gcaoi a raibh sí féin ag streachailt maidir le mo rogha. Briseadh croí a bhí ann dom. Faoin am seo, bheadh sé i bhfad níos éasca an rogha a chur ar ceal go ceann scathaimh, ach ní fhéadfainn a dhul siar. Fuair mé sólás iontach an Domhnach sin ag an Aifreann nuair a léigh mé sliocht machnaimh i nuachtlitir an pharóiste. Bhí mé cinnte nuair a léigh mé é go raibh an Tiarna liom agus go raibh a fhios aige go raibh mé ag fulaingt go mór. Ba é seo an sliocht:

“Ní idir maith agus olc na roghanna is deacra a bhfuil le déanamh ar an saol seo. Dá mb'amhlaidh a bhí an saol, ní ghéillfeadh daoine chomh éasca sin. Ní hea, is minic gurb iad na roghanna is pianmhaire na roghanna a dhéantar idir an rud atá go maith agus an rud is fearr. D'fhéadfaí é a chur ar bhealach eile agus a rá nach díobhálach i gcónaí iad na húdair sin a mheallann muid éirí as an sprioc atá againn. Níos minící ná a mhalairt údair mhaithe iad, agus sin é an fáth a bhfuil sé chomh héasca géilleadh dóibh. “

Bhí na míonna ina dhiaidh sin deacair. Ar deireadh, rinne mé iarratas chuig na Cláríní Bochta agus glacadh liom. Bhí orm mo mhuinín a chur i nDia chun an cinneadh a dhéanamh. Bhí leideanna beaga tugtha ag Dia ach sin an méid. Feicim anois go raibh Sé ag iarraidh orm dul sa seans agus muinín a bheith agam as go ndéanfadh Sé é a dheimhniú dom ina dhiaidh sin. Bealach amháin é sin a mbaineann Sé úsáid as chun go bhforbródh ár gcreideamh.

Cúpla mí tar éis dom dul isteach sa chlochar, d'éirigh mo mháthair tinn le hailse agus bhí uirthi dul faoi scian. Ba thréimhse é inar tugadh dúshlán mo chreidimh. Chreid mé go raibh paidreoireacht uilechumhachtach agus anois bhí deis agam an tuairim sin a chleachtadh. Agus thug an Tiarna beannacht dó sin ar bhealach speisialta.
Bheadh níos mó céille leis ar bhealach dá rachfainn abhaile chun aire a thabhairt do mo mháthair, ach d'fhág mé faoi chúram Dé í agus thug Sé sin an-aire di. Dúirt sí gur airigh sí raibh an-tacaíocht á fáil aici ó phaidreacha agus nár bhain an tinneas mórán níos mó aisti ná mar a bhainfeadh cuairt chuig an bhfiaclóir. Tús nua a bhí ann don teaghlach go léir mar gur ghoill mo chinneadh chomh mór sin orthu, fiú go dtí an t-am a ndeachaigh mé isteach sa mhainistir. Anois ar a laghad d'airigh siad go raibh sé níos éasca glacadh leis. Nuair a fheiceann siad anois go bhfuil áthas orm, tá áthas orthu féin ar mo shon. Tá tuiscint ghéarchúiseach faighte acu ar ár saol i gcaitheamh na mblianta agus tugann siad an-tacaíocht dom, rud atá ina bheannacht mhór domsa

Ní haon ribín réidh a bhí ann i gconaí ach ní raibh mé ag súil ariamh go mba ea. Bhí a fhios agam go maith nach ar saoire a bhí mé ag dul. Bhí mé go hiomlán ar an eolas go raibh mé do mo thíolacadh féin don Soiscéal ar bhealach radacadh agus bhí uaim maireachtáil go hiomlán ar son Dé. Is iontach an ghairm í, an bealach maireachtála atá againn ina bhfuil ár saol dírithe ar Chríost san Eocairist. Bíonn gach duine inár gcroí againn agus déanaimid idirghuí ar a son don Tiarna chuile lá. Ní raibh aiféala riamh orm gur tháinig mé anseo. Cheap mé sula ndeachaigh mé isteach sna mná rialta gur íobairt mhór a bhí ann mé féin a thabhairt don Tiarna, go raibh éacht a déanamh agam. Ach dá mhéad ama a chaithim i mbun an tsaoil seo, is amhlaidh is mó a fheicim gur mise an duine atá ag baint tairbhe as agus gurb é Dia atá de shíor ag tabhairt grá dom. Mar sin, bronntanas mór grásta a bhí ann ar an iomlán agus tá uaim mo shaol a chaitheamh ag gabháil buíochais do Dhia as sin.

Hip hop wanabee
Ready to hit the town
It beats the traffic jams
Party time
Bridesmaids at our sister's wedding
With my family
Braving Italian public transport
With my friends
In the garden
In the kitchen
© clairi ni bochta Gaillimh | Eolas Cóipchirt