English version Po polsku




Ba é an grá a thug eochair mo ghairme dom. Tuigeadh dom, má tá corp ag an Eaglais a bhfuil baill-bheatha eagsúla air, ní fhéadfadh an ball is riachtanaí agus is uaisle a bheith in easnamh air; ní mór croí a bheith aici, agus an croí sin a bheith ar lasadh le grá.

Thuig mé go bhfuil na gairmí uilig sa ghrá, gurab é an grá gach ní, go líonann sé gach am agus gach áit, mar go bhfuil sé síoraí. Ansin, leis an racht áthais a tháinig orm, lig mé béic asam: "A Íosa, a Ghrá! Tá mo ghairm faighte agam faoi dheireadh. Is é an grá mo ghairm-se"…i gcroí mo mháthar, an Eaglais, beidh mé i mo ghrá…ar an gcuma sin, beidh mé i mo uile ní; ar an gcuma sin, leis, comhlíonfar mian mo chroí.

Scéal Anama, San Thérese

Gníomhaí Ollscoile i mbun Feachtais i gCónaí
- Scéal na Siúrach Faustina

Lá earraigh a bhí ann. Bhí sé ag sneachta agus bhí mise i mo shuí ag bord beag adhmaid san áiléar i seanteach mór i mbaile ar leathinis Gaspesie in Quebec i gCeanada. Is ag scríobh litreach a bhí mé agus bhí an-choimhlint i mo chroí istigh. Bhí sé tar éis rith liom go raibh an Tiarna do mo ghlaoch chun na beatha rialta, agus anuas air sin, go raibh Sé do mo ghlaoch chuig ord foriata rinnfheitheamheach. Is chuig Banab Mhainistir na gCláiríní Bochta i nGaillimh a bhí mé ag scríobh na litreach. Bhí mé idir dhá thine bhealtaine. Ar bhealach, bhí mé ag súil gur dul amú a bhí orm agus nach raibh iontu seo ach mothúcháin a chuirfinn díom in am agus i dtráth. Ar an taobh eile, áfach, agus ar bhealach níos doimhne, bhí a fhios agam nach bhféadfainn beag is fiú a dhéanamh de seo.

Is cuimhin liom nuair a bhí mé sa tríú rang sa bhunscoil an múinteoir ag léamh sleachta gach lá as dírbheathaisnéis San Thérèse Lisieux, bean rialta de chuid na gCairmilíteach Francach a cailleadh nuair nach raibh sí ach ceithre bliana is fichead ag deireadh an naoú haois déag. Chuaigh a grá agus a cráifeacht go mór i bhfeidhm orm. Spreag scéal a beatha dúil ionam fanacht gar do Dhia i gcónaí agus iarracht a dhéanamh aitheanta Dé a chomhlíonadh i mo shaol. Is cuimhin liom fiú chomh hóg sin gur cheap mé go raibh rud éigin mealltach faoin mbeatha rialta. Lig mé i ndearmad é de réir mar a shleamhnaigh na blianta tharam ach anois bhí sé tagtha aniar aduaidh arís orm. Cén chaoi, tar éis an oiread sin blianta, a raibh mé in ann tosú ag cuimhneamh arís ar an gceist seo?

Ba mé an ceathrú duine as seisear clainne. Bhí an creideamh le brath inár saol laethúil sa bhaile agus is dóigh go raibh tionchar aige seo ar an rogha a rinne mé sa deireadh. Ba iad Siúracha na Toirbhirte a bhí i mbun na bunscoile áitiúla agus bhí mé tógtha leis an deashampla a thug siad. Chur siad in iúl dúinn an fiúntas a bhaineann leis an saol a thugtar do Dhia agus do dhaoine eile. Bhíodh go leor de na hoird rialta ag caitheamh na haibíde rialta ag an am agus mheabhraigh an siombalachas sin ar bhealach láidir dom gurbh ann do Dhia agus do Neamh. Sílim gurbh é sin tús an aistir chuig an mbeatha rialta domsa. Tuigeadh dom go raibh daoine ann a d'fhág chuile rud chun an Tiarna a leanúint.

Bhain mé an-sult as an meánscoil agus rinne mé cairde maithe ann atá agam i gcónaí. Mhothaínn ó am go chéile go raibh mé do mo ghlaoch áit éigin ach níor chuir mé an oiread sin suime ann. Ní raibh mé ag cuimhneamh agus mé sa mheánscoil ar an mbóthar i bhfad romham sa todhchaí, agus ar aon nós, bhí mé gafa le rudaí eile, leaids óga ina measc. Bhí an t-ádh liom go raibh cairde maithe agam agus thaitin sé thar cionn liom a bheith ag dul amach chuig clubanna oíche ag an deireadh seachtaine agus a bheith ag baint sult as an saol go ginearálta. Nuair a thosaigh mé ar chúrsa sna Dána ag an ollscoil, mhothaigh mé nach raibh mé go hiomlán ar mo chompord agus ní athródh rud ar bith é sin. Thaitin an saol sa choláiste go mór liom ach chonacthas dom go raibh mé ar thóir rud éigin nach raibh á fháil ansin agam, rud éigin a thabharfadh sásamh níos mó dom. Ní raibh mé in ann an fonn nó an díograis seo a dhíbirt.


Déarfainn gur ag an am seo a thosaigh mé ag cur ceisteanna tromchúiseacha faoin mbrí a bhí leis an saol. Toradh amháin a bhí air seo ná gur mhéadaigh an bhaint a bhí agam le cumainn éagsúla sa choláiste agus le feachtais faoi chearta an duine agus trádáil chóir. Sa deireadh ba san fheachtas ar Son na Beatha a ba mhó a d'oibrigh mé. Bhí mé ar dhuine de na mic léinn idéalacha sin bhí i gcónaí gníomhach i bhfeachtais, agus cé go raibh an ghníomhaíocht féin fiúntach, ba bhealach é ceisteanna níos doimhne faoin gcineál saoil a bheadh á chaitheamh agam sa todhchaí a sheachaint. Bheartaigh mé sa dara bliain dul ag staidéar thar lear ar feadh bliana. Tharla go raibh oiliúint agus taithí áirithe agam cheana féin i múineadh an Bhéarla, shocraigh mé cur isteach ar phost múinteoireachta in Quebec i gCeanada, áit a raibh mé ag súil go mbeadh deis agam feabhas a chur ar mo chuid Fraincise freisin. Díreach agus mé ar tí na deiseanna iontacha seo a bhí romham a thapú, bhí mo chreideamh ní ba laige ná riamh. Ba i rith mo thréimhse in Quebec a tugadh dúshlán mo chreidimh ar bhealach nach ndearnadh riamh roimhe sin.

Ba chúige láidir Caitliceach de chuid Cheanada Quebec go dtí na 1960í nuair a tharla an eachtra ar a dtugtar an 'Réabhlóid Chiúin'. Ceistíodh gach rud a bhain leis an éiteas Caitliceach a bhí i réim roimhe sin i rith na tréimhse seo. Bhí an t-éiteas Caitliceach sin ar an dé deiridh nuair a chuaigh mise go Ceanada agus ba bheag suim a cuireadh i gcúrsaí creidimh nó go deimhin bhí daoine fiú naimhdeach ina leith. Chuir an t-atmaisféar seo iallach orm ceistiú an raibh baint ag bith ag mo chreideamh le mo shaol ó lá go lá. Ní hé go raibh mé tar éis stopadh ag dul ag an aifreann. Deirinn corr phaidir anois agus arís ach ní raibh mo chroí ann. Fuair mé léargas nua ar an gcreideamh Caitliceach inár tógadh mé agus thuig mé go tobann gur beag eolas a bhí agam air seachas na deasghnátha a bhain leis. Ní dheachaigh mé i ngleic i gceart riamh le ceisteanna móra an chreidimh agus na moráltachta agus ní fhéadfainn iad a sheachaint anois. Aisteach go leor, bhí tuiscint nua ar an saol agam ó bheith i mo chónaí i bhfad ó bhaile.

Bhí turas ar tí tosú anois agus níorbh fhéidir casadh ar ais. Níorbh fhada go mbeadh ar mo chumas cinneadh a dhéanamh ar mo shaol le Dia. Bhí orm aghaidh a thabhairt ar an rogha dul i ngleic le mo chreideamh nó é a ligean le sruth. Cé go raibh mé tar éis tosú tabhairt faoi na ceisteanna móra, níor mhothaigh mé grá domhain do Dhia i mo chroí agus mé ag cleachtadh an chreidimh sin.

Lá amháin agus mé sa tír aineoil seo liom féin i séipéal beag, ghuí mé le mo chroí agus m'anam, achainí ó mo chroí a bhí ann, ag impí ar Dhia mé a chur ar bhealach na leasa. Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur tháinig mé ar bhileog le bonn crábhaidh den Mhaighdean Mhuire agus an moladh an paidrín a rá dóibh siúd a bhí ar thóir treorach sa saol agus freisin paidir bheag speisialta eile, Coróinín Thrócaire Diaga. Thosaigh mé ag guí go domhain ón gcroí mar ba ar thóir treorach a bhí mé féin agus ba chuige sin a thosaigh mé ag rá an Phaidrín as sin amach.

SNíorbh fhada ina dhiaidh sin gur tharla rud éigin a léirigh dom an grá a bhí ag Dia dom. Go tobann bhí mé in ann grá Dé a mhothú i mo chroí istigh ar bhealach an-réalaíoch. Tá sé deacair cur síos air mar bhí sé chomh difriúil leis an gcineál grá a raibh taithí agam air roimhe sin, mar shampla an grá a bhí ag mo theaghlach nó ag mo chairde dom. Aisteach go leor, bhí sé pianmhar agus lúcháireach ag an am céanna. Is é an toradh a bhí air ná go bhfaca mé mé féin i loinnir ghrá Dé agus gur thuig mé an meon agus na réimsí de mo shaol a chaithfí a athrú. Cé go raibh lúcháir as cuimse orm, bhí an-aiféala freisin orm go raibh talamh slán déanta agam de Dhia na blianta seo ar fad. Is cuimhin liom a bheith ag caoineadh go minic i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Ní raibh an cailín a raibh mé ag roinnt seomra léi in ann meabhair ar bith a bhaint as a raibh ag tarlú agus ní raibh tuairim dá laghad agamsa cén chaoi é a mhíniú mar nár thuig mé féin i gceart é.

D'fhág an t-eispéireas seo ar fad go raibh tuiscint nua agam ar an mbrí a bhí leis an Eaglais agus ar cé hé Dia. Bhí sé an-réalaíoch anois, ní díreach coincheap de chuid na hintinne a thuilleadh ach Duine a raibh aithne ag mo chroí air. Bhí mé in ann géilleadh do Dhia anois agus thosaigh mé ag déanamh iarracht maireachtáil de réir a thola siúd ar bhealach nach ndearna mé riamh roimhe sin. Bhí a fhios agam nach bhféadfainn gan aitheantas a thabhairt don seans a bhí ann go rachfainn leis an mbeatha rialta.

Ba rud amháin é múscailt thobann spioradálta a bheith ag duine ach rud eile ar fad tosú ag cuimhneamh ar ghairm chrábhaidh. Ní raibh a fhios agam an mbeinn in ann aige ach mhothaigh mé go raibh orm aghaidh a thabhairt ar a mbeadh i ndán dom i mo shaol dá n-éistfinn le Dia. Bhí braistint láidir agam nach mbeinn go hiomlán saor go deo mura dtabharfainn aird air, agus ar aon nós, bhí chuile sheans ann nach gciallódh sé sin go gcaithfinn dul leis an mbeatha rialta. Bhí an t-am ag sleamhnú thart, áfach, agus ní raibh mise in ann an smaoineamh seo a dhíbirt. Is ar an dlí a bhí mé ag tabhairt m'aghadh maidir le slí bheatha, agus cosúil le go leor de na mná óga ar chomhaois liom, ghlac mé leis a bheag nó a mhór go bpósfainn agus go mbeadh mo chlann féin agam lá éigin. Bhí a fhios agam, áfach, nach mbeadh lúcháir iomlán i ndán dom mura ndéanfainn de réir thoil Dé, cibé céard a bheadh i gceist leis sin.

Aisteach go leor is iad na Cláiríní Bochta an chéad Ord ar chuimhnigh mé air, agus an t-aon cheann a ndearna mé aon mhachnamh dáiríre air. Is cuimhin liom a chloisteáil gurb iad sin na siúracha a éiríonn i lár na hoíche chun dul ag guí. Bhí rud éigin mistéireach faoin saol a chaith siad agus bhí mé meallta i dtreo an tsaoil sin gan aon chúis faoi leith. Shocraigh mé roinnt fiosrúchán a dhéanamh, leath ag súil i gcónaí go n-imeodh an smaoineamh a thúisce is a chuirfinn díom é.

Níor imigh an smaoineamh. Chuaigh mé ar cuairt chuig an mBanab nuair a tháinig mé abhaile as Quebec. Mhol sise dom mo chéim a bhaint amach ar dtús ó tharla go raibh bliain eile le déanamh ansin agam. Shocraigh mé isteach i saol an choláiste arís an bhliain sin. De bhrí gur tharla chuile rud chomh sciobtha sin dom ó thaobh na braistinte a bhí agam go raibh mé do mo ghlaoch, déarfainn gur thug an bhliain bhreise sin tuilleadh ama dom machnamh agus guí maidir leis an rud a bhí súil agam a dhéanamh.

Bhí sé deacair é a insint do mo theaghlach. Bhí a fhios agam go mbeadh sé deacair orthu, ar gach duine ina mbealach féin, go háirithe mo chuid tuismitheoirí, ach ainneoin go raibh íobairt i gceist dóibh siúd freisin, ní bhfuair mé ach grá agus tacaíocht uathu ar fad. Ní raibh sé mórán níos éasca é a insint do mo chuid cairde. Scaip an scéal go sciobtha agus bhí sé cloiste ag roinnt acu sula raibh an deis nó fiú an misneach agam é a rá leo mé féin. Ghlac siadsan freisin leis fiú mura raibh sé chomh héasca sin meabhair a bhaint as. Bhí a fhios agam dá rachfainn isteach in ord na gCláiríní Bochta go deo gur míorúilt bheag a bheadh ann. Níor mhothaigh mé go raibh mé in ann é a dhéanamh liom féin. Déarfainn go raibh an tuairim aisteach seo agam go raibh gach rud faoi smacht ag na mná seo ó thaobh na spioradáltachta de agus nach raibh orthu streachailt cosúil le chuile dhuine eile. B'fhaoiseamh é nuair a thuig mé nach raibh sé seo amhlaidh.

Sna laethanta agus sna seachtainí sula ndeachaigh mé isteach, mhothaigh mé go raibh Dia i mo láthair agus go raibh Sé sin, mar aon le grá agus tacaíocht mo theaghlaigh agus mo chuid cairde, do mo threorú. Chríochnaigh mé sa choláiste an bhliain sin, bronnadh an chéim san fhómhar orm, agus seachtain ina dhiaidh sin, chuaigh mé isteach in Ord na gCláiríní Bochta in Oileán Ealtanach, Gaillimh.

Ní raibh mé in ann suaimhneas ar bith a dhéanamh nó gur thug mé faoin gcéim mhór sin. Caithfidh mé a admháil, áfach, gur thóg sé tamall orm teacht isteach ar an saol anseo mar go bhfuil sé difriúil go maith. Ní dhéantar Cláirín Bocht díot in imeacht oíche. Sna chéad bhlianta, agus mé ag féachaint ar na siúracha i mórshiúl nó ar a nglúine ag gabháil buíochais tar éis an Aifrinn nó ag ithe sa chiúnas agus mise ar dhuine acu, nó ag súil a bheith ar dhuine acu, mhothaigh mé an cheist ag teacht chugam: cén chaoi ar tháinig tusa isteach anseo?

Smaoiním ó am go chéile ar mo chuid laethanta mar mhac léinn agus mar ghníomhaí san ollscoil agus ar na cúiseanna éagsúla a mbíodh baint agam leo. Tá mé chomh díograiseach céanna anois fúthu ach tá mé i mbun gníomhaíochta difriúla anois. Baineann sé le 'stocaireacht' a dhéanamh ar an Tiarna ar bhealach urramach ní hamháin do na cúiseanna is mó is cás liom féin ach freisin don mhéid atá de dhíth ar an Eaglais, ar an domhan agus ar an gcine daonna trí chéile. Déarfainn mar sin gur fíor a rá go bhfuil mé i mbun feachtais i gcónaí.

Níl sé éasca an lánsástacht a mhothaím anois a chur i bhfocail. Tá parabal sa Soiscéal faoi cheannaí atá ag tóraíocht péarlaí breátha a léiríonn go maith é seo. Nuair a tháinig sé ar cheann, dhíol sé a raibh aige agus cheannaigh sé an péarla. Tuigeann daoine a raibh an t-eispéireas céanna acu, is cuma cén stáisiún atá acu sa saol, go bhfaighimid lúcháir agus an síocháin as cuimse nuair atá a fhios againn go bhfuil ciall agus feidhm le saol duine in oirchill Dé.

Chuir San Clár in iúl go paiteanta é agus í ar leaba a báis sa Mhainistir in Assisi in 1253 agus críochnóidh mise anois ag déanamh mo chuid féin dá focail siúd:

"Gabhaim buíochas leat, a Thiarna, as mé a chruthú."

“Nuair a iarrfaidh sibh mé gheobhaidh sibh mé, nuair a iarrfaidh sibh mé le bhur gcroí go hiomlán”
(Irimia 29:13)

Cheltenham, here I come
Let's go party!
My vows
Sr. Faustina
© clairi ni bochta Gaillimh | Eolas Cóipchirt