English version Po polsku




Claon chugam do chluas, a iníon, agus Meáin liom; cuir cuimhne do mhuintire féin uait agus teaghlach d'athar. Óir tabharfaidh an rí grá is taitneamh do d'áilleacht; eisean do Thiarna, agus umhlaigh thú féin dó.

Salm 44:11-12

Muinín i nDia—Scéal na Siúrach Gabriel

Nuair a chuala mo chuid cairde go raibh mé ag dul isteach i mainistir fhoriata, tháinig sé aniar aduaidh go hiomlán ar go leor acu. Tá pearsantacht beagáinín ‘díchéillí’ agam agus bhí sé deacair orthu samhlú orm mar bhean rialta. Mar sin féin, agus mé ag breathnú siar air anois, tá mé cinnte go bhfuilim in ann snáithe láidir an chreidimh a fheiceáil fite trí mo shaol, agus tá na snáithí uile tugtha le chéile ag an Tiarna anois.

Is as ‘cathair istigh’ na Gaillimhe mé, agus tá mé an-cheanúil ar mo chathair dhúchais. Tá an-chreideamh ag mo thuismitheoirí agus bhí an t-ádh liom a bheith tumtha in atmaisféar ina raibh ról ag an gcreideamh sa ghnáthshaol. Dúramar an páidrín gach oíche. Ní hé go rabhamar go hiomlán fonnmhar a bheith páirteach ann i gcónaí, ach mar sin féin d’airíomar sábháilteacht áirithe as an am sin a bheith tugtha do Dhia. Is cuimhin liom mo mháthair ag teacht isteach againn chuile oíche chun muid a bheannú le huisce coisricthe; mhothaíomar ansin go rabhamar sábháilte don oíche.

Bhí mná rialta agus sagairt ar gach aon taobh de mo theaghlach, ach ar thaobh mo mháthar ach go háirithe tá siad ann leis na glúnta. Mar sin, d’fhéadfá a rá gur tógadh sa traidisiún sin mé. Bhí mé an-ghar do m’aintín, an tSiúr Francis in Ord na Trócaire agus m’uncail Frank, ar Colmánach é. Anuas air sin, bhí beirt chol ceathracha agam a bhí ina sagairt sna Proinsiasaigh. Bhí an tAthair Francis an-ghar do m’athair, agus chonaiceamar sách minic é. Bhí deirfiúr eile ag mo mháthair sna Cláiríní Bochta i Sasana a raibh an tSiúr Gabriel uirthi. Ní raibh fhios agam mórán fúithi mar gur beag an teagmháil a bhí aici leis an domhan taobh amuigh. Níor labhair mé léi ach aon uair amháin ar an bhfón nuair a bhí sí san opsideál roinnt míonna sular cailleadh í. Dúirt mo mháthair liom go raibh pearsantacht bhríomhar chineálta aici. Bhí tionchar ag na daoine seo ar fad orm, ach is í an fhianaise is mó a thug siad a lúcháire is a bhí siad as an freagra a thug siad don ghlaoch..

Teach lán le beatha agus le gleo a bhí againne. Daoine oscailte bríomhara a bhí ionainne, agus nuair a bhí rud éigin le rá ag duine againn, ní raibh drogall orainn labhairt amach. Ní minic a coinníodh aon rún eadrainn. Ní raibh mórán spéise agam sa scoil. Bhínn ag súil le dul abhaile tar éis na scoile agus a bheith ag léamh, ag breathnú ar an teilifís nó ag spraoi le mo chairde.

Cuimhne amháin atá agam ar laethanta m'óige is ea a bheith ag léamh beathaisnéisí na naomh, agus a bheith a rá liom féin chomh iontach a bheadh sé a bheith in ann aithris a dhéanamh orthu, ach go mbeadh sé sin beagnach dodhéanta do mo leithéidse. Is é an naomh ab ansa liom San Antaine, agus labhraínn leis cosúil le gur cara liom a bhí ann. Is cuimhin liom nuair a bhí mé thart ar 11 nó 12 bliain d’aois ag impí air teacht i gcabhair orm (páiste an-íogaireach a bhí ionam agus níorbh fhada uaim na deora nuair a d’airigh mé an gortú is lú). Ní bhfuair mé an freagra a bhí uaim, ach feicim anois agus mé ag breathnú siar gur fhreagair sé an phaidir sin i mbealaí nach rabhthas ag súil leo. Mhúin sé sin dom a bheith muiníneach as an gcumhacht atá ag na naoimh cabhrú linn, d'ainneoin go n-airimíd amantaí nach bhfuil ár bpaidreacha á bhfreagairt.

Ba é Mainistir na bProinsiasach an séipéal áitiúil nuair a bhí muid óg; bhí mé sa chór ansin agus i mo bhall freisin den chraobh sóisearach de Léigiún Mhuire, áit a bhfuair mé mo chéad bhlaiseadh d'urnaí agus plé i ngrúpa—b’aoibhinn liom é. Bhí orainn cuairt a thabhairt ar sheandhaoine mar obair aspalda agus thug sé sin an-sásamh dúinn. D’fhreastail an t-aos óg inár gceantar ar chlub óige a reáchtáladh i Halla na Mainistreach, agus d’fhéadfá a rá mar sin gur caitheadh go leor de bhlianta m’óige faoi thionchar láidir na bProinsiasach.

Bhí an t-ádh liom casadh le cairde iontacha nuair a chuaigh mé ag an Ollscoil. Bhí cairdeas láidir agam le Gaillimheach eile darbh ainm Marina a bhí ag staidéar tráchtála san Ollscoil freisin; bhí níos lú tábhachta ag scrúduithe ná mar a bhí ag an saol sóisialta iontach a bhí ann. Caithfidh mé admháil gur chaith mé i bhfad níos mó ama ag ól caife sa mbialann ná mar a chaith mé i mbun staidéir sa leabharlann. Dála an scéil, agus mé ag breathnú siar air anois, ní dhearna mé ró-mhaith i mo chuid scrúduithe, ach rinne mé go leor cairde agus d’fhoghlaim mé neart faoin saol agus faoi dhaoine. Nuair a bhí mé réidh leis an Ollscoil, fuair mé post ar deireadh mar chuntasóir faoi oiliúint, agus cháiligh mé ar deireadh sa bhliain 1989, i ndiaidh na scrúduithe a theip cúpla uair.

Tháinig athrú mór i mo shaol sa bhliain 1985 nuair a thug m’athair físeán faoi Medjugorje abhaile leis. Bhí mé thar a bheith tógtha leis agus bhí an-iontas orm go bhféadfadh an Mhaighdean Mhuire a bheith ag teacht i láthair grúpa daoine óga sa lá atá inniu ann. Is dóigh go raibh an ceangal déanta agam leis an gcaoi ar thaispeáin an Mhaighdean Mhuire í féin i Lourdes agus i gCnoc Muire sa naoú haois déag.

Tháinig an tAthair Slavko go dtí an Mhainistir i nGaillimh in 1985. Chuaigh mé chun é a fheiceáil agus chun éisteacht leis agus bhí mé an-tógtha le teachtaireachtaí na Maighdine Mhuire agus leis an gcaoi a raibh sí ag iarraidh orainne a bheith ar thóir na naofachta inár saoil féin. Bhí mise den bharúil nach raibh an cineál saoil sin ag aon duine seachas na Naoimh féin. Thosaigh mé ag déanamh cuardaigh do Dhia, agus ba é mian mo chroí ná a bheith ag fás laistigh dá ghrá. Ar deireadh, thosaigh mé ag freastal ar chruinniú urnaí le Marina. Is ansin a fuaireamar an chéad bhlaiseadh de shaol paidreoireachta níos doimhne chomh maith le tuiscint agus grá iontach do na Scrioptúír agus do theagasc álainn na hEaglaise Caitlicí. Mar ghrúpa faoi threoir an Athar Des O’Malley, nach maireann, bhí baint againn le reáchtáil sraith seimineár dar teideal ‘Life in the Spirit’. Bealach iontach soiscéalaíochta atá iontu, agus cabhraíonn siad le daoine caidreamh pearsanta a bheith acu leis an Tiarna.

Chuaigh mé go Medjugorje den chéad uair sa bhliain 1988; bhí drogall orm a dhul, mar bhí faitíos orm go dtiocfadh an Mhaighdean Mhuire i mo láthair féin!! Creidim anois go mbeadh an ceann is fearr faighte agam ar an imní sin sách sciobtha dá mbeadh a leithéid do bhronntanas iontach tugtha ag Ár Máthair Bheannaithe domsa. Chuaigh mé go Medjugorje trí huaire agus sa deireadh bhí an-eolas agam ar an áit. Bhí sé cosúil le bheith sa mbaile nuair a bhí tú thar lear; áit ina bhfuil tú sa mbaile i gcroí do mháthar. Airím go bhfuil an Mhaighdean Mhuire ag iarraidh orainn filleadh ar shaol atá Críostúil agus atá bunaithe ar luachanna an tSoiscéil. Is é cosán na naofachta agus an áthais é; is í ár Máthair í agus níl uaithi ach na rudaí is fearr dúinne. D’airigh mé go raibh mé ag éirí an-tógtha le paidreoireacht agus gurb é mian mo chroí é an grá atá ag Dia dúinne a chur in iúl do dhaoine ionas go bhféadfaidís an méid grá atá aige do gach duine dá bpáistí a thuiscint..

Thosaigh mé ar phost nua ag plé le hIniúchadh Rialtais Áitiúil sa bhliain 1991 agus den chéad uair i mo shaol bhí tuarastal maith agam, bhí sé d'acmhainn agam carr deas a cheannach agus dul ar saoire.

Cé gur mhothaigh mé go raibh go leor beannachtaí i mo shaol, mhothaigh mé i gcónaí go raibh rud éigin ar iarraidh, ach ní raibh mé cinnte faoin ‘rud éigin’ sin. Ní raibh fhios agam ach gur airigh mé níos meallta ag saol a bheith tugtha don phaidreoireacht. Chuaigh mé ar oilithreacht go Loch Dearg sa bhliain 1991 agus is ansin a casadh siúr Phroinsiasach orm a bhí in ord aspalda. Thug sé sin spreagadh dom tuilleadh eolais a chuartú faoi oird Phroinsiasacha aspalda, ach fós féin, níor airigh mé go raibh an rud a bhí uaim aimsithe agam.

Labhair mé leis an Athair Des faoin gcaoi a raibh mé meallta ag an mBeatha Rialta agus mhol sé dom Scéal Anama le San Thérèse a léamh. Tá mé faoi dhraíocht ó shin aici agus tá mé tar éis iarracht a dhéanamh a bealach umhal siúd sa saol a ghlacadh chugam féin; bealach na géilliúlachta agus na simplíochta. Níl mé ag déanamh jab iontach de, go deimhin, ach díreach coinním orm.

A friend of mine entered the Carmelites in Knock in 1992 and I got to know some of the sisters through visiting her. I loved chatting with the sisters and especially with my love of St. Therese, I began to wonder if this was where the Lord was calling me. So here I was with a great love for Our Lady and St. Therese and yet as I knew that my Franciscan roots ran very deep I was very confused about where the Lord wanted me to go.

Chuaigh cara liom isteach in Ord na gCairmilíteach i gCnoc Mhuire sa bhliain 1992 agus chuir mé aithne ar roinnt de na siúracha ó bheith ag tabhairt cuairte uirthi. B'aoibhinn liom a bheith ag comhrá leis na siúracha agus, i bhfianaise an ghrá a bhí agam do San Thérèse, thosaigh mé ag cuimhneamh an chuig an áit seo a bhí an Tiarna do mo ghlaoch. Bhí an-ghrá agam don Mhaighdean Mhuire agus San Thérèse, ach mar sin féin, bhí fhios agam go raibh ceangal láidir leis na Proinsiasaigh. Bhí mearbhall orm faoin bplean a bhí ag Dia dom.

Dá mhó dár fhoghlaim mé faoi spioradáltacht na bProinsiasach, is ea is mó a mheall sé mé. Chuaigh mé ar cuairt chuig na Cláiríní Bochta sa deireadh le roinnt cairde. Bhuaileamar le Mother Mary a bhí ina Banab ag an am, agus thug sí an-mhisneach dom. Chuaigh mé féin agus Marina chuig an Iodáil an bhliain sin agus chaith muid seachtain in Assisi. Bhí an t-ádh linn gur chas muid le siúr de chuid na gCláiríní Bochta a raibh Béarla aici. Thug sí an-léargas dúinn faoin gcaoi glaoch don bheatha rialta a aithint agus a mheas, agus d’inis sí dúinn faoina glaoch féin agus faoin bpróiseas idirdhealaithe a raibh uirthi dul ina bhun. Chuaigh Marina isteach an bhliain dar gcionn. Thug mé cuairt uirthi ó am go chéile agus bhí an chuma uirthi go raibh sí ar a compord ann.

Bhí an chéad dá bhliain eile deacair ar go leor bealaí. Bhí an-suim agam sna Cláiríní Bochta ach bhí sé deacair orm scaoileadh le mo phost agus chuile rud eile sa saol ar bhain mé taitneamh as. Bhí go leor suaitheadh intinne agam i dtreo dheireadh an tsamhraidh. Mhol na cailíní a raibh mé i mo chónaí i Luimneach leo dul ar cuairt chuig cara leo a bhí ina bean rialta. Chuidigh sí sin liom mo mhisneach a choinneáil agus teacht ar chinneadh. Bhí fhios agam go mbeadh orm triail a bhaint as chun a bheith ar mo shuaimhneas, agus i mí Mheán Fómhair na bliana sin, dúirt mé le Mother Mary gur mhaith liom dul isteach sna Cláiríní Bochta.

Bhí mé ag glanadh i mo sheomra roinnt míonna sula ndeachaigh mé isteach agus tháinig mé ar na litreacha a sheol m’aintín, Mother Gabriel, chuig mo mháthair sna seascaidí. I gceann amháin acu a scríobhadh sa bhliain 1964, dúirt sí an méid seo: “Kitty (mo mháthair), an abróidh tú paidreacha go bhfaighimid nuasacháin, tá Maura beag (mise) ró-óg le dul isteach fós!” Bhí mé beagnach dhá bhliain d’aois ag an am. Tar éis an litir sin a léamh, d'airigh mé go raibh sí in éineacht liom, agus tá a spiorad á mo thionlacan an bealach ar fad.

Chuaigh mé isteach an 26 Aibreán 1995, Lá Fhéile Mháthair na Dea-Chomhairle. Bhí sé deacair orm ar bhealaí áirithe teacht isteach ar an saol nua ina raibh mé; bhí go leor díom ag cur in aghaidh roinnt gnéithe den saol nua. Ní go dtí blianta ina dhiaidh sin a thuig mé i gceart an fabhrú a fuair mé, agus an spreagadh a fuair mé chun beatha domhain paidreoireachta a fhorbairt agus a bheith ag fás i gcairiosma na bPrionsiasach ach go háirithe. Is saol álainn é, atá dírithe ar an ngrá agus an aontacht chun go dtógfaí ‘Teach Dé’ seo. Má fhanann duine oscailte don Spiorad Naomh, tá Sé in ann thú a threorú i dtreo staid ina mbeidh tú in ann glacadh leat féin níos mó, agus ar an mbunús sin, cumas níos fearr a bheith agat bronntanas a dhéanamh díot féin do dhaoine eile. Is minic a labhair an Pápa Eoin Pól II, nach maireann, ar an ábhar seo.

Bhí mo Phroifisiún Sollúnta socraithe don 26 Aibreán 2001, ach bhí timpiste agam dhá lá dhéag roimhe sin inar chaill mé ceithre cinn de mo chuid méaracha. Chaith mé sé seachtaine san ospidéal agus tuilleadh ama ag teacht chugam féin sa mhainistir. Tréimhse an-chorrach de mo shaol a bhí ann ach tháinig mé ar an tuiscint ar deireadh go bhfuil an Tiarna in ann maitheas a bhaint as na suíomhanna is deacra; ar ndóigh, tá neart beannachtaí faighte agam le blianta beaga anuas agus airím gur chuir an Tiarna ar mo chumas níos mó comhbhá a bheith agam agus mé ag cabhrú le daoine eile.

Thug mé mo Phroifisiún Sollúnta ar deireadh an 7 Deireadh Fómhair 2003. Bhí ríméad an domhain orm agus bhí mé chomh buíoch don Tiarna as fanacht liom agus mian mo chroí a thabhairt chun críche. Thug an comhthionól anseo an-tacaíocht dom; tá foighid agus carthanas thar na bearta feicthe agam anseo agus tá gliondar orm gur bhronn an Tiarna áit orm in ‘Áras na Lúcháire’.

The four of us
21 again
College graduation
Hair in the air!
Celebrating with my uncle, Fr. Frank
Last Cocktails
Sisters!
Just before Marina entered
Still a novice
Solemn Profession with family
With my aunt Sr. Francis
© clairi ni bochta Gaillimh | Eolas Cóipchirt